An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2013

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2013

Bronnadh gradam Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2013 ar fhoireann Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an Aoine.


Eagraíonn Gael Linn an comórtas seo go bliantúil in ómós Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal é a thugann deis do mhic le mic léinn dlí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta os comhair breithiúna de chuid na cúirte.

Reáchtáladh réamhbhabhtaí ar maidin, Aoine 8 Samhain 2013, in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta i mBaile Átha Cliath ina raibh foirne ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus, den chéad uair, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath páirteach ann.

Bíonn an comórtas bunaithe i mbréagchúirt agus caithfidh na hiomaitheoirí argóint a dhéanamh ar son achomhairce in aghaidh breith cúirte. Bíonn sonraí agus stair an cháis ar fáil roimh ré agus is dúshlán ceart é do na habhcóidí ina mbronntar marcanna ar cheithre bhonn áirithe: cumas argóinte, úsáid an ghutha, struchtúr agus ábhar na hargóinte.

Reáchtáladh craobh bhabhta an chomórtais sna Ceithre Chúirt tráthnóna Aoine agus ba é breitheamh den Chúirt Uachtarach, An tOnórach Mary Laffoy, Ardchúirt, mar aon le breitheamh den Ardchúirt, Colm Mac Eochaidh, a bhí mar mholtóirí, le tacaíocht ó Shéamus Ó Tuathail, A.S.

Bronnadh buantrófaí Ghael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí Aoibhinn Nic Cionnaith, Simon Mac Giolla Easpaig agus Peadar Ó Lamhna ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Bronnadh seic ar €300 ar fhoireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a tháinig sa dara háit.

©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Aip úr eile do pháistí óga seolta ag TG4

Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214