An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge

Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge

Faoi dheireadh thiar, tá leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil ar fáil lena cheannach sna siopaí ó thús na seachtaine. Labhair Gaelport.com le Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin maidir leis na leasuithe atá ar fáil sa leagan  athbhreithnithe.


In ainneoin go raibh athbhreithniú oifigiúil fógartha ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta dhá bhliain ó shin, is iad moltaí Rannóg an Aistriúcháin atá sa leabhar seo. 

“Bhí athbhreithniú  ar bun ag an Lár-Aonad Aistriúcháin ach is é an rud a tharla ná gur cuireadh deireadh leis an Lár-Aonad i mbliana.  Cuireadh na moltaí sin faoin ár mbráid agus gan amhras cuirfear na moltaí sin san áireamh nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ar siúl againn,” a deir sé.

Is é an cúram oifigiúil atá ag Rannóg an Aistriúcháin ná tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a sholáthar agus seirbhís Aistriúcháin Chomhuainigh a chur ar fáil do Thithe an Oireachtais. Chomh maith leis sin tá sé de chúram ar an tseirbhís treoir a thabhairt maidir le rialacha gramadaí agus litrithe sa Ghaeilge.

Tá an rannóg lonnaithe ar Shráid Chill Dara trasna ó Theach Laighean agus tá duine is fiche fostaithe ann, roinnt aistritheoirí ón Lár-Aonad Aistriúcháin ina measc.  Foilsíodh an leagan athbhreithnithe ar 30 Iúil agus tá aon chaibidil déag san fhoilseachán nua.

“Beart shuntasach a bhí an don Ghaeilge” ab ea foilsiú an caighdeáin ag an am, dar leis, ach is mór idir inné agus inniu.  Ba é Éamon De Valera a bhí ina Thaoiseach ag an am agus cailleadh Peig Sayers an bhliain chéanna. Ní raibh trácht ar Raidió na Gaeltachta nó ar Theilifís na Gaeilge ag an am agus ó shin i leith tháinig claochlú suntasach ar an teanga.

“Foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958 agus ó shin i leith,  thug an Rannóg  faoi deara go bhfuil rialacha ann gur cheart a leathnú agus b’fhéidir go raibh rialacha ann nach raibh curtha isteach sa chéad eagrán mar sin agus is bunaithe  ar an  machnamh sin atá an t-athbhreithniú seo ag teacht chun cinn anois.”

Ina measc, tá caibidlí úra ag díriú ar an gcopail, na forainmnigh, an dobhriathar agus ar an alt agus tá aitheantas níos mó tugtha do chórais chanúnacha i gcás an tuisil thabharthaigh d’ainmfhocail i ndiaidh an ailt.

Ar na hathruithe is suntasaí luann sé cás na mbriathra. “Is dócha go bhfuil athrú ann ó thaobh na mbriathra mar shampla in sa mhéid is go bhfuilimid ag aithint na leaganacha atá beo sna canúintí go háirithe, abair Muid”.

“Chomh maith leis sin tá soiléiriú ann ó thaobh na n-uimhreacha agus i gcásanna éagsúla táimid ag leathnú na rialacha maidir le úsáid an ainmnigh in áit an ghinidigh agus beidh níos mó cásanna ina mbeadh an t-ainmneach in úsáid in áit an ghinidigh”

“Mar shampla go dtí seo d’fhéadfá  a rá go raibh mé ag déanamh cupán tae  ach abair go mbeifeá ag dul le haghaidh cupáin tae mar sin  táimid tar éis cás an ainmnigh in ionad an ghinidigh a leathnú i gcásanna mar sin . Anois beidh tú ag déanamh cupán tae agus ag dul le haghaidh cupán tae”.

Is léir mar sin go mbeidh an teanga scríofa níos gaire don ghnáthchaint ná mar a bhíodh ach ag an am céanna, rinneadh iarracht gan ligean d’athruithe ar mheathlú iad de dheasca thionchar an Bhéarla.

An gceapann sé go gcuirfeadh rialacha nua gramadaí mearbhall ar dhaoine anois, tráth a bhíonn daoine ag cnáimhseáil mar gheall ar chastachtaí na teanga scríofa?

“Bhuel,  is dócha go mbeifeá i gcónaí gafa idir an dream a dhearfadh  nach bhfuil a dhóthain déanta agus dream eile a dhéarfadh go bhfuil an iomarca déanta”, a deir sé. 

“Rinneamar iarracht cúrsa a leanúint idir an dá rud sin agus d’aithníomar go raibh cuid mhaith rialacha agus rinneamar iarracht iad a shoiléiriú, mar shampla an chopail”.

“Is dócha go mbeidh daoine sásta leis sin mar nílimid ag cealú aon úsáid  a bhí ann go dtí seo,  mar shampla bhaineamar  tá sin fós ceadaithe, ach tá ceadaithe anois Bhain muid a  scríobh chomh maith. Táimid ag cur leis i gcónaí is dócha”.

Beidh an Caighdeán Oifigiúil-Caighdeán Athbhreithnithe ar fáil lena cheannach ón 30 Iúil agus chomh maith leis sin tá leagan leictreonach ar fáil ar shuíomh Thithe an Oireachtais

Seans go mbeadh suim agat sna scéalta a leanas:

An Cábhán i mbun ullmhúcháin don bhFleadh


As na nuachtáin:  An Ghaeilge ag láidriú i Nua-Eabhrac

 
Tús curtha le próiseas earcaíochta do bhord an Údaráis


Lean an scéal agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #caighdeán


© Foilsithe ar Gaelport.com 02 Lúnasa 2012


le Niamh Ní Shúilleabháin. Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214