An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Clabhsúr le comhairliúchán poiblí ar Straitéis Gaeilge Thuaisceart Éireann

Clabhsúr le comhairliúchán poiblí ar Straitéis Gaeilge Thuaisceart Éireann

Tá pobal Gaeilge Thuaisceart Éireann ag fanacht le fada an lá ar Rialtas an Tionóil gníomh reachtúil ar leith a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge ó thuaidh.


Tháinig deireadh le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar ‘Straitéis’ don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann inniu, 27 Samhain 2012, tar éis d’eagrais Ghaeilge dheonacha ó thuaidh agus ó dheas beart de réir briathar a dhéanamh le blianta anuas chun aird an Rialtais a dhíriú ar thábhacht na Gaeilge i gcúrsaí reachtaíochta i dTuaisceart Éireann.

Luadh i gcomhaontú Bhéal Feirste 1998 go ndéanfaí gníomh diongbháilte leis an nGaeilge a chur chun cinn agus úsáid na teanga a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhneoireacht sa saol. Gealladh i gcomhdhearbhú 2003 idir Rialtais na Breataine agus na hÉireann go forbrófar na meáin chraoltóireachta trí Ghaeilge ar fud an dlínse.

Luadh i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 go rithfeadh an Rialtas Acht Gaeilge agus go luath in ndiaidh sin rinneadh leasú ar Acht Thuaisceart Éireann 1998 inar gealladh go bhforbrófaí Straitéis don Ghaeilge.

Thóg sé 5 bliana ar an Rialtas ó leasaíodh Acht Thuaisceart Éireann 1998 aird a thabhairt ar Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

Dúradh sa Chlár Rialtais 2011-15 a foilsíodh i mí Márta 2012 go raibh straitéis don Ghaeilge mar ‘bhunchloch chun Pobal láidir a thógáil i gcomhpháirt agus chuir an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta tús leis an bpróiseas comhairliúcháin ar an Straitéis i mí Iúil 2012.

Mar is gnáth le gach cineál Straitéise a ullmhóidh bhí suím faoi leith ag an bpobal sna haidhmeanna agus na cuspóirí a bhí luaite

Aidhmeanna

• Creat a chruthú ina dtig leis an Ghaeilge bláthú agus ina dtig le gach duine ar mian leo í a úsáid déanamh amhlaidh i gcomhpháirt lena chéile
• Forbairt agus Foghlaim na Gaeilge a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dó seo; agus
• Tuiscint níos fearr ar chúlra na Gaeilge a chur chun cinn

Cuspóirí

• Líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu ar an Ghaeloideachas a mhéadú;
• Líon na ndaoine a bhaineann úsáid as seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú;
• Rochtain ar na meáin chumarsáide Ghaeilge a mhéadú.

Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina aighneacht a ullmhaíodh thar ceann 24 ball-eagraíocht de chuid na Comhdhála (cuid acu atá lonnaithe ó thuaidh) gur cheart soiléiriú níos cuimsithí a thabhairt i leith na n-aidhmeanna agus na gcuspóirí lena n-áirítear amlíne atá dúshlánach ach réadúil a chur le gach ceann, mar aon le cur síos ar na torthaí a mbeifear ag súil leo.

Tá sé réimse gnímh aitheanta ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta chun tabhairt faoin nGaeilge a neartú sa dlínse: Oideachas; Idirghabháil luath; Riarachán; Seirbhísí agus Cúrsaí Pobail; Na Meáin Chumarsáide agus Teicneolaíocht; Reachtaíocht agus Stádas na Teanga agus an Saol Eacnamaíochta.

Cé gur túsphointe maith iad na réimsí gnímh, leagadh béim faoi leith inár n-aighneacht ar chúrsaí pobail, oideachais, craoltóireachta agus earnáil dheonach na Gaeilge.

Tá ról ríthábhachtach ag earnáil dheonach na Gaeilge mar sholáthraí seirbhísí riachtanacha ‘ón gcliabhán go dtí seanaois; mar bhrúghrúpa agus mar fhoinse aitheantais do gach iarracht ar son na Gaeilge.

Cé go raibh tionchar láidir ag an earnáil dheonach ar fhoilsiú na cáipéise comhairliúcháin ar an Straitéis, tá siad faoi láthair ag maireachtáil i dtréimhse éiginnte toisc múnla nua maoinithe atá a bheartú ag Foras na Gaeilge ina dtuigtear go bhfuil i gceist ag Foras na Gaeilge deireadh a chur le bunmhaoiniú reatha na n-eagras deonach i dTuaisceart Éireann.

Léiríodh in aighneacht na Comhdhála go bhfuil tábhacht ag baint le saineolas ar mhórcheisteanna na Gaeilge agus an phleanáil teanga don té agus don ghrúpa a bheidh freagrach as stiúradh na Straitéise agus moladh go n-ullmhófaí plean athbhreithnithe don Straitéis ionas gur féidir athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na Straitéis go tráthrialta.

Creideann an Chomhdháil go bhfuil géarghá ann go rithfear Bille na Gaeilge tríd an Thionól chomh luath agus is féidir chun gealltanas Chomhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh agus Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann. Is féidir aighneacht na Comhdhála a fháil ag an nasc seo.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Dul chun cinn an ghaeloideachais léirithe i Sraith na Scoileanna 2012

Aitheantas tugtha do ghaiscí na scannánóirí Gaeilge

Ciorrú eile fógartha don Ghaeloideachas -COGG le cónascadh le heagras stáit eile

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge



le Ferdia Ó Mongáin, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214