An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Club siúlóide na féile

Club siúlóide na féile

Tá Club Siúlóide Chonradh na Gaeilge ag dul i gcomhar le Féile Mhara na Gaillimhe chun siúlóid cois fharraige a eagrú an deireadh seachtaine seo mar chuid d’imeachtaí na féile.


Cuirfear tús leis an tsiúlóid maidin Shathairn seo chugainn, 1 Meitheamh, ag 10.30in ag an bPóirse Caoch agus tabharfar aghaidh ansin ar an gCarraig Dhubh faoi stiúir Emer Ní Chualáin.
Níl aon táille le h-íoc agus cuirfear fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh sa tsiúlóid, agus is siúlóid í seo atá feiliúnach do gach aoisghrúpa.

Ar oíche Shathairn, mar chuid d’Fhéile Mara na Gaillimhe freisin, tá Club Áras na nGael ag eagrú oíche shiamsaíochta sa Chlub i 45 Sr Doiminic. Is iad Simon Delaney, George Grasso agus a chairde a bheidh i mbun an cheoil agus arís cuirfear fáilte roimh gach duine bualadh isteach sa Chlub
ó 9.30in ar aghaidh.

http://www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 30 Bealtaine 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 30 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dámhachtainí Samhraidh Gaeltachta bronnta ar 30 Saoránach Meiriceánach

Leabhair nua scríofa ag páistí

Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach do Chnoc na Cathrach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Galway Advertiser - Lár Sráide, Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214