An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Comóradh 60 Gael Linn

Comóradh 60 Gael Linn

Tá Gael Linn ag comóradh seasca bliain ó bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1953 chun teanga na Gaeilge agus a hoidhreacht a chaomhnú agus a chothú ar fud na hÉireann mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta.


Is é lipéad Gael Linn an lipéad ceoil is sine in Éirinn agus dá bhrí sin lena ngaisce i gcúrsaí ceoil a cheiliúradh reachtáladh oíche mhór cheoil sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 15ú Meán Fómhair.
D’eagraigh Glór Cheatharlach turas agus thaisteal beirt is fiche ar an mbus chuig an ceolchoirm. Ócáid iontach a bhí ann agus bhí an halla galánta lán go doras. I measc na gceoltóirí ar chlár na hoíche bhí an grúpa ban “T with the Maggies” le Tríona agus Maighréad Ní Dhómhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan.

D’oscail an grúpa traidisiúnta Téada an oíche agus nach iad a bhí ar bís agus dlúthdhiosca nua dá gcuid “In Ainneoin na Stoirme” á sheoladh acu. Ar stáitse leo bhí Séamus Ó Beaglaoich agus a iníon Méabh a chan cúpla amhrán álainn, binn chomh maith le scata rinceoirí traidisiúnta. Chuir Antoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, fáilte roimh chách agus rinne Aire na Gaeltachta, Donncha Mag Fhionnaile comhgháirdeachas leis an eagraíocht as 60 bliain rathúil a chur i gcrích. Sár oíche, ceol den scoth agus ceiliúradh cuí ar na seasca bliain faoi bhláth. Bhain muintir Cheatharlach ard taitneamh as an ócáid.     Go maire Gael Linn an chéad!
 
www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar 24 Meán Fómhair 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Clár Fhéile an Fhómhair i gCeatharlach seolta

Féile Litríochta IMRAM 2013

As na Nuachtáin: A spectacular photograph which captures Donegal from a height

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214