An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Craobh Ceannais Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014

Craobh Ceannais Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014

Beidh Craobh Ceannais Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Aoine bheag seo, 11 Aibreán 2014. 


Tá an comórtas seo á reáchtáil in onóir An Choirnéil Eoghain Uí Néill, fear a chaith tamall fada de blianta ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhunaigh sé an malartú cultúrtha seo chun an gaol idir filí Gaeilge na hÉireann agus filí Gàidhlig na hAlban a fhorbairt.

Is comórtas dátheangach i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban atá i gceist leis an gcomórtas. Cuirfear fáilte roimh chách freastal ar an imeacht cultúrtha seo agus é ag ceiliúradh seacht mbliana ar an bhfód i mbliana.

Ón gearrliosta de hochtar dhán déanfar buaiteoir an chomórtas a roghnú agus beidh duais de €500 agus Corn Uí Néill á mbronnadh ar an mbuaiteoir ar an oíche.

Is i gcomhluadar roinnt de na filí is fearr ón nglúin seo a bheidh buaiteoir an chomórtais lena n-áirítear na hiarbhuaiteoirí: Philip Cummings; Ailbhe Ní Ghearbhuígh; Máire Wren; Proinsias Mac a’Bhaird; Tadhg Ó Dúshláine agus an file Albanach Niall Gordon.

Is iad Celia de Fréine agus Máire Ní Annracháin a bheas ina moltóirí ar an oíche agus beidh an scríbhneoir, staraí liteartha agus craoltóir Alan Titley mar Fhear an Tí.

Beidh siamsaíocht ar an oíche leis an amhránaí agus an gceoltóir iomráiteach Síle Denvir ón ngrúpa ceoil Líadan.

Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 8.00pm le saorchead isteach agus cuirfear sólaistí ar fáil.

©Foilsithe ar Gaelport.com 7 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha

Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2014

An Lá Dearg: Leanann an feachtas

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214