An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Deontas €5000 le bronnadh ar scannánóirí Gaeilge

Deontas €5000 le bronnadh ar scannánóirí Gaeilge

Beidh comórtas scannánaíochta ‘Físín’ á reáchtáil don tríú bliain as a chéile mar chuid d’Fhéile Scannán an Daingin 2013.


Beidh an fhéile á reáchtáil i mbliana ó 15 – 18 Márta agus tá neart imeachtaí suimiúla beartaithe mar is gnáth amhail taispeántais scannán, searmanais bhronnta, ceardlanna agus óráidí.

Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas tacaíocht a chur ar fáil don scríbhneoireacht agus scannánaíocht trí Ghaeilge agus fáilteofar roimh dhaoine ag gach leibhéal cumais iarratas a chur isteach - idir mhic léinn na hidirbhliana is scannánóirí gairmiúla.

Is gá do scannánóirí iarratas a chomhlíonadh a léiríonn téama, cur chuige, cóiriú teicniúil a gcoincheapa agus é a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig fisin@dinglefilmfestival.com roimh 14 Nollaig. Tá gach eolas maidir le treoirlínte agus riachtanais na n-iarratas ar fáil ar http://www.dinglefilmfestival.com/programme/fisin/.

As na hiarratas ar fad, roghnófar cúigear le dul san iomaíocht chun duais €5,000 a bhaint amach chun a scannán a chur i gcrích agus cuirfear trealamh dar luach €2,000 ar fáil don bhuaiteoir ó Vast Valley Ltd le cuidiú le léiriúchán an scannáin. Cuirfidh na hiomaitheoirí a dtograí i láthair os comhair painéil de scríbhneoirí agus scannánóirí: Louise Ní Fhiannachta, Marina Ní Dhubháin agus Cathal Watters.

Tá stádas ard bainte amach ag an gcomórtas i measc scannánóirí ó bunaíodh é trí bliana ó shin agus tugadh léargas ar rathúlacht an chomórtais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe nuair a taispeánadh scannán buaiteach Físín 2011, ‘An Cluiche’ le Cathal Ó Cuaig mar chuid den sceideal ilghnéitheach.

Tá buaiteoir Físín 2012, Paul Webster i mbun léiriúcháin ar a scannán ‘Stuama’ faoi láthair agus taispeánfar an leagan críochnaithe agus Féile Scannán an Daingin 2013.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Chéad Fhíschluiche as Gaeilge le fáil anois

Gaelport.com mar urraitheoir ag Gradaim Idirlín na hÉireann 2012

Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



le Sibéal Davitt, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214