An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Doire ag ullmhú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach

Doire ag ullmhú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach

I mbliana déanfaidh an 43ú Féile Pan Cheilteach na cultúir, na traidisiúin agus na teangacha Cheilteacha a cheiliúradh i nDoire den chéad uair riamh ó 22-27 Aibreán 2014.


Cuireadh tús leis an tsamhail Phan Cheilteach i 1970 agus reáchtáladh an chéad fhéile an bhliain ina dhiaidh sin i gCill  Áirne. Neartaíonn an fhéile an gaol idir na tíortha Ceilteacha trí cheol, amhránaíocht, damhsa agus spórt ó Albain, An Bhreatain Bheag, An Choirn, Manainn, An Bhriotáin agus Éirinn a chónascadh le chéile.

Tá clár imeachtaí den scoth curtha le chéile le haghaidh féile na bliana seo. Beidh roinnt mhaith ceoil, damhsa, comórtais agus imeachtaí cultúrtha eile á reáchtáil ó thús go deireadh na seachtaine.

I measc na mórimeachtaí, beidh príomhchomórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ar Déardaoin, 24 Aibreán, ina rachaidh ionadaithe ó gach tír Ceilteach san iomaíocht leis an teideal aitheanta a thógáil abhaile leo.

I measc na gcomórtas eile a bheas ar siúl beidh an Comórtas Camógaíochta agus na Comórtais Idir Cheilteacha - comórtas rince, comórtas cruite, comórtas na bpíob agus comórtas na gcór.

Tá clár d’imeachtaí Gaeilge den scoth leagtha amach arís d’fhéile na bliana seo ina n-áirítear léachtaí ar chúrsaí bhéaloidis agus logainmneacha Dhoire, taispeántais ar scéal na Gaeilge agus blaschúrsaí i dteangacha éagsúla idir Ghaeilge na hAlban agus an Bhreatnais.

Reáchtálfar Club na Féile gach oíche le linn na féile áit a gcuirfidh gach tír oíche speisialta ar siúl a thabharfaidh blaisín de na cultúir éagsúla a bhíonn i láthair do lucht na féile.

Tá clár iomlán Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 ar fáil anseo.

Tuilleadh eolais ar fáil ag  www.panceltic.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Muintir Shligigh ag ceiliúradh ag Siansa Gael Linn 2014

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha

As na Nuachtáin: Country’s first Irish-speaking rowing club to be launched

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214