An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Domhnach Cásca ag druidim linn

Domhnach Cásca ag druidim linn

Breacadh an lae, Gealadh an lae,  Fáinne  an lae, Buíú  na gréine.


Tá na seachtainí ag sleamhnú thart, deireadh tagtha le séasúr an Charghais agus táimid i lár Sheachtain Mhór na Cásca. Domhnach Cásca ag druidim linn agus beidh áthas agus gliondar ar gach éinne. Deirtear go mbíonn an ghrian ag rince le háthas ar maidin Dhomhnach Cásca toisc Íosa a bheith aiséirithe ó mhairbh.

In a lán áiteanna ceiliúrtar Aifreann na Cásca ar bharr cnoic go luath ar maidin le breacadh an lae agus deirtear go mbíonn an ghrian ag glioscarnaigh agus ag rince timpeall na spéire. Deirtear chomh maith go mbíonn an coileach ag fógairt an lae ag glaoch amach go hard agus go soiléir ‘Tá Mac na hÓighe Slán!  Tá Mac na hÓighe Slán!’

Fadó d’ití a lán uibheacha ar Dhomhnach Cásca mar ní bhídís á hithe ó Mháirt na bPancóg roimhe sin. Siombal ab ea an t-ubh den bheatha nua.

Guíonn Glór Cheatharlach Beannachtaí na Cásca ar léitheoirí uile an Cholúin seo Cáisc Shona daoibh go léir!
 
www.carlow-nationalist.ie

 
Foilsithe ar 15 Aibreán 2014 / Foilsithe ar Gaelport.com 15 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tréan na Cásca - An tSeachtain Mhór 2014

Seirbhís na Cásca in Eaglais na hOllscoile

Deireadh Seachtaine Gaeltachta in Esopus

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214