An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Féile Litríochta IMRAM 2013

Féile Litríochta IMRAM 2013

Reáchtálfar Féile Litríochta IMRAM na bliana seo ón 10-19 Deireadh Fómhair 2013. 


Arís i mbliana, déanfar ceiliúradh ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge le linn na féile seo in ionaid éagsúla sa phríomhchathair.

Baineadh stangadh as pobal na tíre nuair a chuaigh triúr scríbhneoirí ar leith ar shlí na firinne le cúpla seachtain anuas; Seamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmaid Ó Gráinne.  Mar a tharla sé bhí beartaithe go mbeadh Seamus Heaney agus Maidhc Dainín Ó Sé i láthair ag IMRAM na bliana seo, ach anois déanfar léamh speisialta a reáchtáil chun a n-oidhreacht liteartha a cheiliúradh le linn IMRAM 2013.

Mar is iondúil don fhéile áirithe seo, beidh réimse leathan d’imeachtaí á reáchtáil idir ceardlanna, cainteanna, taispeántais, ceol, sean-nós, agus scéalaíocht mar aon le hoíche ómóis don scríbhneoir agus láithreoir aitheanta Alan Titley.

Ar cheann de bhuaicphointí na féile, beidh leagan Gaeilge de shaothar Leonard Cohen le cloisteáil, Túr na nAmhrán: The Cohen Project, ar an 10 Deireadh Fómhair in Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire.  Ar Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair déanfar ceiliúradh ar Leabhar Mór na nAmhrán i dteach tábhairne Toner’s i gceartlár Bhaile Átha Cliath agus beidh oíche mhór amhránaíochta i gcuideachta Eilís Ní Shúilleabháin, Peadar Ó Ceannabháin, Antaine Ó Faracháin agus an t-amhránaí Máire Ní Choilm mar pháirt lárnach den oíche seo.

Ag seoladh taispeántas clóghrafaíochta a bheidh ar súil in ITBÁC bainfear úsáid as cló-aghaidheanna traidisiúnta chomh maith le hathshaothrú ar chlónna Gaelacha. Beidh saothar leis na filí Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Chonchuir, Ceaití Ní Bheildiúin, Philip Cummings agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh mar chuid den taispeántas seo.

Mar chuid d’imeachtaí eile beidh léacht agus léamh trítheangach, seoladh leabhair agus scannán sa Helen Roe Theatre i gcuimhne agus in ómós ar  shaothar an scríbhneora agus fhile iomráitigh ón Albain, Somhairle MacGill-Eain, ag 6i.n ar an 15 Deireadh Fómhair.

Tá liosta d imeachtaí uile na Féile Litríochta IMRAM 2013 ar fáil ag an nasc a leanas: IMRAM 2013.pdf

© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Meán Fómhair 2013


Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas:




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214