An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Gaelport.com ar an nGearrliosta don Suíomh Nuachta is Fearr ag Gradaim Eircom Spiders

Fógraíodh gearrliosta na ngradam idirlín ‘Eircom Spiders’ tráthnóna inniu agus tá Gaelport.com ainmnithe do na gradaim mhórchlúiteacha seo arís i mbliana.


Is cúis mhór áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil ainmniúchán faighte i mbliana ag Gaelport.com sa chatagóir don ‘Suíomh Nuachta agus Siamsaíochta is Fearr’.  I measc siúd ar an ngearrliosta sa chatagóir céanna le Gaelport.com tá: tv3.ie; Showpal; Newstalk Site and Player; Aertv; Joe.ie; agus Her.ie. Tugann na gradaim idirlín áirithe seo aitheantas do shuíomh nuachta a bhaineann úsáid nuálach as na meáin chumarsáide agus a dhéanann nuacht úr a sholáthar ar ardáin éagsúla. 

Bhain Gaelport.com an gearrliosta amach freisin i mbliana don chatagóir ‘Suíomh Gaeilge is Fearr”.  I dteannta Gaelport.com ar an ngearrliosta seo tá: Litríocht.com; Spailpín.com; Futa Fata; Bábógbaby; Conradh na Gaeilge; agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa.  Suíomh idirlín dátheangach is ea Gaelport.com atá ag freastal ar phobal na Gaeilge ar fud an oileáin agus thar sáile.  Cuireann Gaelport.com ardán digiteach ar fáil don Ghaeilge, agus é ar fáil ar gach fón cliste, ar an idirlíon agus sna meáin úra.  Rinne Gaelport.com forbairtí ar a gcuid seirbhísí digiteacha a sheoladh le déanaí, agus tá ceithre ríomhiris rialta anois ar fáil ó phríomhshuíomh eolais na Gaeilge:

• As Na Nuachtáin: Achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin chlóite náisiúnta agus áitiúla.

• 7 na Seachtaine: Rogha den seacht scéal is mó ó Gaelport.com a chuirtear ar fáil gach Máirt.

• An Saol Gairmiúil:  Eolas seachtainiúil ar chúrsaí fostaíochta agus cúrsaí oiliúna reatha ar fáil gach Déardaoin.

• An Líonra Sóisialta: Ríomhiris rialta (gach Aoine) a dhéanann cur síos ar na himeachtaí is mó ina mbíonn fáilte curtha roimh an Ghaeilge ina measc féilte, éigsí, drámaí, coirmeacha ceoil agus seimineáir agus comhdhálacha.

Bronnfar na gradaim, The Eircom Spiders ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath ar an 28 Samhain agus i láthair ag an ócáid bhronnta beidh an fear grinn Neil Delamere mar fhear an tí.  Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na gradaim ar fáil ar: http://eircomspiders.ie/index.php.  

Chun tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Gaelport.com agus na seirbhísí a bhíonn á soláthar ann déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelport.com.
.
Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seirbhísí digiteacha Gaelport.com ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

©Foilsithe ar Gaelport.com 7 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Leabhar na Nollag le forbairt

Cuireadh do scríbhneoirí próis

Leabharlann Foclóireachta ar Líne
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214