An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha

An Craoltóir Nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, a bheidh mar fhear an tí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais arís i mbliana


Inniu a fógraíodh an gearrliosta do na gradaim seo a bheidh ar siúl in Óstán Galway Bay ar Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. 

Ag na gradaim seo gach bliain, déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas. 

Cuirfear córas nua vótála i bhfeidhm do na gradaim i mbliana agus roghnóidh painéal moltóirí na buaiteoirí. Beidh orthu siúd a bhain an gearrliosta amach samplaí dá gcuid oibre a chur faoi bhráid na moltóirí agus tabharfaidh painéal saineolaithe marcanna dóibh bunaithe ar chritéir faoi leith. 

Beidh an scannán gearr ‘Rúbaí’, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus nach bhfuil sí ag iarraidh páirt a ghlacadh i Lá na Chéad Chomaoineach leis na páistí eile sa rang, agus an clár faisnéise ‘Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste’ in iomaíocht lena chéile do Scannán / Clár Teilifíse na Bliana.

I measc na láithreán atá ainmnithe don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, tá an suíomh nuachta agus eolais Gaeilge www.gaelport.com. an iris mhíosúil ar líne www.beo.ie agus an láithreán gréasáin físiriseoireachta www.meoneile.ie.

Tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill, an láithreoir teilifíse do pháistí agus an tráchtaire rugbaí, i measc na ndaoine atá ainmnithe do Craoltóir Teilifíse na Bliana chomh maith le Tristan Rosenstock, láithreoir an chláir ealaíon ‘Imeall’ ar TG4.

Beidh gné nua, spraíúil i gceist ag na gradaim i mbliana agus roghnófar an bhean is fearr gléasta agus an fear is fearr gléasta ar an oíche. Cuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a Cabaret Craiceáilte ar siúl tar éis an bhronnta, rud a thabharfaidh deis do na hainmnithigh leanúint leis an gceiliúradh ar feadh na hoíche.

Seo thíos liosta iomlán díobh siúd atá ainmnithe ar an ngearrliosta.  Go n-éirí leo!

1.  TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Garraí Glas - Abú Media                       
Lads Mar Dads - Good Company Productions 
Ros na Rún - EO Teilifís & Tyrone Productions   
Róisín - TG4
                       
2.  TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste - Magamedia Productions               
An Dubh ina Gheal - Saoi Media
Vótaí do Mhná  - Dearcán Media                  
Rúbaí - Magamedia Productions               
It’s a Blas - Below The Radar     
 
3.   TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Páidí Ó Lionaird - 7Lá / Gradam Ceoil TG4                       
Róisín Ní Eadhra - Róisín          
Tristan Rosenstock - Imeall
Sorcha Ní Mhonacháin - Nuacht TG4/RTÉ                                  
Máire Treasa Ní Dhubhghaill - Rugbaí Beo / PONC                                                  
 
4.   AISTEOIR NA BLIANA
Eoin Ó Dubhghaill - Fiach, Ros na Rún             
Doireann Ní Fhoighil - Rúbaí, Rúbaí                                        
Macdara Ó Fátharta - Tadhg, Ros na Rún
Denis Conway - Diarmuid, Scúp                          
Eithne Nic Enrí - Bríd, Ros na Rún                                  
 
5.   RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Spórt an tSathairn - RTÉ Raidió na Gaeltachta                      
20 Bliain - Raidió na Life                  
Splanc - Newstalk                         
Blas - BBC Raidió Uladh                                 
An Saol ó Dheas - RTÉ Raidió na Gaeltachta   
 
6.   RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cian Mac Cárthaigh - Raidió na Life                                      
Helen Ní Shé - RTÉ Raidió na Gaeltachta                      
Rónán Ó Muirthile - Newstalk      
Lisa Nic an Bhreithimh - Raidió na Life                  
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha - RTÉ Raidió na Gaeltachta                                          
 
7.   IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin - Irish Times
Tomaí Ó Conghaile - Nós
Concubhar Ó Liatháin - Seachtain & iGaeilge
Alan Titley - Irish Times   
 
8.   LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.gaelport.com - Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
www.beo.ie - Oideas Gael
www.tg4.ie/seannos - TG4   
www.meoneile.ie - Below the Radar
www.nuacht24.com - Eoghan Ó Néill
 
©Foilsithe ar Gaelport.com 31 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta

Cúrsa raidió nua do bhuntosaitheoirí

Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214