An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Imní léirithe maidir le todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall

Imní léirithe maidir le todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall

Aitheantas sealadach an ghaelcholáiste le tarraingt siar de bharr uimhreacha ísle.


Tá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nach leor uimhreacha reatha Choláiste Chineál Eoghain, ina bhfuil 34 dalta i láthair na huaire agus 17 cláraithe le tosú ann ag tús na scoilbhliana seo chugainn, le maireachtáil mar ionad oideachais neamhspleách.

D’oscail an gaelcholáiste sa bhliain 2007 le hoideachas lán-Ghaeilge iar-bhunscoile a sholáthar d’iardhaltaí na Gaelscoile áitiúla, Gaelscoil Bhun Cranncha, agus do phobal na Gaeilge i nDoire. Tá ardú leanúnach ar uimhreacha na Gaelscoile le blianta beaga anuas agus tá iarrtha ag Gaelscoileanna Teo, Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Coláiste Chineál Eoghain ar an Roinn Oideachais deis a thabhairt don ghaelcholáiste freastal ar líon ard dhaltaí reatha na Gaelscoile agus an gaelcholáiste a fhorbairt mar thoradh.

“Tá géarghá le stádas Choláiste Chineál Eoghain a chosaint agus gach deis a thabhairt don scoil fás agus forbairt” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. “Aithnímid an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht láidir scoileanna agus le húsáid éifeachtach acmhainní an Stáit i leith soláthar scolaíochta, ach tá an cinneadh seo ag teacht roimh am.

Tá 3 rogha leagtha amach ag an Roinn do Ghaelcholáiste Chineál Eoghain: Dúnadh go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iar-bhunscoil lán-Bhéarla áitiúil, nó an rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn, atá níos mó na 30 ciliméadar ó Bhun Cranncha.

Ach tá imní léirithe faoi chinneadh ar bith a bheadh contúirteach do thodhchaí an ghaelcholáiste agus an drochthionchar a bheadh aige sin ar lucht gaelscolaíochta an cheantair mura soláthraítear rogha oideachas iar-bhunscoile lán-Ghaeilge. Dúirt Ní Ghréacháin, “Tá tiomantas léirithe ag pobal Inis Eoghain don scolaíocht lán-Ghaeilge agus bheadh sé tubaisteach dá gcuirfí deireadh le hinstitiúid ag croílár an phobail. Bheadh dúnadh na scoile in éadan gach gealltanais atá déanta ag an Stát i leith tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar an Roinn am breise a thabhairt don scoil feasacht faoin scoil a ardú agus í a chur chun cinn sa phobal le go mbeidh uimhreacha inmharthana acu.”

Tá ráite freisin go mbeadh impleachtaí i ndán don ghaelcholáiste dá n-aistreofaí ina aonad é i dtaobh freastal trasteorann agus gur fiú don Rialtas cás Ghaelcholáiste Cineál Eoghain a úsáid mar dheis comhoibriú trasteorann a chur chun cinn de réir a dhualgais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus freastal a dhéanamh ar phobal leathan scoile.

Tá achomharc ar chinneadh na Roinne déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar son na scoile, agus síneadh á lorg acu d’aitheantas sealadach do Choláiste Chineál Eoghain. Fógrófar toradh an achomhairc go luath.

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

Riachtanais na Gaeilge san Oideachas le plé ag Comhdháil COGG

Sparánachtaí taighde á n-ofráil ag COGG do mhic léinn M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge

Traenáil Chosaint Leanaí do Stiúrthóirí Naíonraí Úra

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



le Clár Johnston, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214