An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Saol agus saothar ‘Liriceoir an Ghrá’ le ceiliúradh in Áras na Scríbhneoirí

Saol agus saothar ‘Liriceoir an Ghrá’ le ceiliúradh in Áras na Scríbhneoirí

Reáchtálfar oíche ómóis don fhile clúiteach Máire Mhac an tSaoi in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1 ag 7.00 i.n. Déardaoin 8 Samhain 2012.


Duine de mórfhilí na linne is ea Máire Mhac an tSaoi agus samhlaítear a féith cruthaitheach le leithéidí Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Riordáin.

Déantar staidéar ar a saothar ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus ar shiollabais Ghaeilge sa tríú leibhéal.

Rugadh i mBaile Átha Cliath í sa bhliain 1922 ach ba i nGaeltacht Dhún Chaoin a d’fhoghlaim agus ar chuir sí snas canúnach ar a cuid Gaeilge.

Foilsíodh an chéad saothar dá cuid in 1956 agus í ag scríobh go leanúnach ó shin.

I láthair ag an ócáid cheiliúrtha, beidh na filí An Dr Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, An Dr Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock, agus na scoláirí An Dr Regina Uí Chollatáin, An Dr Máirín Nic Eoin agus An Dr Ríona Ní Fhrighil.

Cuirfear deochanna agus sólaistí ar fáil agus beidh ceol beo le cloisteáil ar an oíche.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 25 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Clann Cheolmhar McCarthy sa Clé Club

Todhchaí uile-oileáin na Gaeilge le plé ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



le Sibéal Davitt, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214