An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Seolann Acadamh Fodhla dlúthdhiosca amhránaíochta

Seolann Acadamh Fodhla dlúthdhiosca amhránaíochta

Tá amhráin ar an sean-nós a bhfuil taighde déanta ina leith ag Acadamh Fodhla Ghaeltacht Mhúscraí le scaoileadh ar dhlúthdhiosca nua atá le seoladh an tseachtain seo chugainn.


Tá dlúthdhiosca dar teideal ‘An Móinfhéar Garbh’, ina bhfuil meascán leathan d’amhráin nár taifeadadh roimhe seo agus amhráin coitianta eile sa cheantar, curtha le chéile ag an Dámh Amhránaíochta, a thagann le chéile go rialta chun staidéar agus díospóireacht a dhéanamh ar amhráin ar leith.

Ar an dlúthdhiosca atá le seoladh mar chuid de thionól bliantúil Acadamh Fodhla a bheidh ar siúl Lá Lúnasa, áirítear 17 traic ó amhránaithe áitiúla, lena n-áirítear Eilís Ní Shúilleabháin, a chanann ‘An Leastar Beag’ agus ‘Amhrán na Spideoige’; Máire Ní Cheocháin le ‘Gaortha an Leasa’ agus a hiníon Gobnait Ní Chrualaoi leis ‘An Gabhain Geal Bán’ agus ‘Bríde Ní Scannláin’.

Tá triúr deirfiúr i measc na n-amhránaithe, is iad san sleachta amhránaí cáiliúil Bhaile Mhic Íre, Bess Cronin  - Seosaimhín Uí Chuilleanáin (Faiche Bhreá Aerach an Cheoil agus Tom Toozick); Máiread Uí Uidhir (Cuisle Mo Chroí) agus Eibhlís Uí Thuama (Na Táilliúirí agus A Mháire Ní Laoghaire).

Ar an dlúthdhiosca chomh maith, cloisfear an t-amhránaí urramach ón bhFearann, Máire Ní Chéileachair, ag canadh dhá amhrán, ‘Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin’ agus ‘An Clár Bog Déil’; chomh maith le Ger Wolfe (Bean Dubh a’ Ghleanna), Brenda Ní Ríordáin (A’ raibh tú ar a’ gCarraig?), Peadar Ó Riada (Baile Mhúirne), Seosamh Ó Críodáin (An Poirtín) agus Pádraig Mac Cárthaigh (Druimín).

www.eveningecho.ie
Foilsithe ar 24 Iúil 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 24 Iúil 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Impleachtaí don Ghaeilge i gCraoltóireacht Seirbhíse Poiblí

Scéal na Gaeilge i nDoire – An bhfuil scéal agat? 

Pompeii trí Ghaeilge in iomaíocht le scéal Will agus Kate

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Evening Echo, Scéalta ó Mhúscraí - Pet Uí Chonaill

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214