An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Teannas idir an státchóras agus Oifig an Choimisinéara Teanga

Teannas idir an státchóras agus Oifig an Choimisinéara Teanga

D’easaontaigh státseirbhísigh shinsearacha go láidir inné le léamh an Choimisinéara Teanga ar an bpróiseas earcaíochta a bhaineann le bronnadh marcanna bónais ar iarrthóirí le Gaeilge atá ag lorg arduithe céime sa státchóras.


Bhí ionadaithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ionadaithe ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus ionadaithe ón tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí á gceistiú ag Comhchoiste Oireachtais.

Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais níos túisce sa bhliain tar éis dó imscrúdú a dhéanamh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tugadh le fios sa tuarascáil gur theip ar an Roinn moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm maidir le bronnadh marcanna bónais mar is ceart as cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha d’ardú céime.

Ag labhairt os comhair an chomhchoiste, dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh sé “iontach míshásúil” nach n-aithníonn an státseirbhís cé chomh dáiríre is atá sé go bhfuil an Roinn Coimirce Sóisialaí ag déanamh beag de chinneadh an Choimisinéara.

Seo an córas a bhí ceaptha feidhmiú ó 1975 in áit na Gaeilge ‘éigeantaí’ le cinntiú go mbeadh foireann le Gaeilge ar fáil ag gráid éagsúla sa Státseirbhís.

Ach is cosúil nach raibh na státseirbhísigh pioc sásta glacadh le hargóintí an Choimisinéara. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga den tuairim gur cheart na marcanna bónais a thabhairt san áireamh ag tús an phróisis earcaíochta ach i bhfírinne is cosúil nach dtugtar aird ar inniúlacht an duine sa dá theanga go dtí deireadh an phróisis, ach amháin má tá an Ghaeilge sonraithe mar riachtanas don phost.


Tharla nach raibh an Roinn sásta glacadh le moltaí an Choimisinéara ach ag an am céanna níor ceapadh go raibh sé “de dhualgas orainn  an cás a thógaint ar scéim atá i  bhfeidhm ar fud na státseirbhíse”, dar leis an Dr Orlagh Quinn, státseirbhíseach sinsearach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Bhí ionadaí ón Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí den tuairim chéanna.

Dúirt Patricia Coleman nach raibh aon dualgas achomharc a lorg sa chás nach raibh aon phointe dlí i gceist agus nárbh ionann léamh an Choimisinéara ar an scéal agus an léamh a bhí ag an Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí.  Thug sí aird ar an gcostas a bhainfeadh le cás cúirte a thionscnamh ar chleachtas atá fadbhunaithe sa státchóras. Tá léamh na Roinne bunaithe ar an gcleachtas atá ann go forleathan sa státchóras ó bhí 1975 ann.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go mbeadh impleachtaí ann do na mílte daoine a chuaigh faoi agallamh le tríocha seacht mbliana  dá nglacfadh an státchóras le rialú an Choimisinéara.

“Glacaimid lena bhreithiúnas ach níl se mar chuid de phost an Choimisinéara Teanga an státchóras a riaradh” a dúirt Brian Ó Raghallaigh, Rúnaí Cúnta na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Dúirt Ó Clochartaigh nach raibh aon pholasaí soiléir ó thaobh líon na nGaeilgeoirí sa státseirbhís a ardú agus nach bhfuil an Rialtas dáiríre ina thaobh.

Níor thángthas ar aon chonclúid ar an gceist seo inné, ach beidh an Comhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achaíníocha ag teacht le chéile arís i gceann coicíse ar 21 Samhain.

© Foilsithe ar Gaelport.com 08 Samhain 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Oifig Neamhspleách an Choimisinéara Teanga?

Teip na Roinne Coimirce Sóisialaí marcanna a bhronnadh don Ghaeilge á phlé ag Comhchoiste Dála

As na Nuachtáin: Cás an Choimisinéara

 

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #cearta #coimisineir




le Niamh Ní Shúilleabháin agus Ferdia Ó Mongáin, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214