An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada - a deir an Coimisinéir Teanga

Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada - a deir an Coimisinéir Teanga

`Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada` a thug an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin aréir ar an mbealach a dhéileáil an Stát le cás na Gaeilge ag tréimhsí difriúla i stair an Stáit.  Bhí an Coimisinéir ag labhairt agus é ag seoladh Coláiste na hÉireann, institiúid úr tríú leibhéal leis an gcomhlacht Gaelchultúr. 


In Eanáir 2012, tháinig deireadh le comhairliúchán poiblí maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus tá súil go bhfoilseofar “Cinn an Bhille” go luath a léireoidh cén leagan amach a bheidh ar an reachtaíocht úr sin.  Thug an Coimisinéir le fios go bhfuil dhá shlat tomhais an-simplí leagtha síos aige féin a léireoidh dó an bhfuil an Stát dáiríre faoin athbhreithniú nó nach bhfuil:

  • An gcinnteofar, sna leasuithe ar an Acht, go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll?
  • An ndéileálfar ag an am céanna le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne?

Dar leis an gCoimisinéir má sheachnaítear ceachtar den dá cheist seo nach mbeidh san athbhreithniú ach tuilleadh den chur i gcéill a bhfuil seanchleachtadh againn air.

Le linn na hócáide, thug an Coimisinéir léargas don phobal ar thaighde nua atá déanta ag a Oifig maidir le seasamh an Stáit i leith na Gaeilge. 

Seirbhísí i nGaeilge don Ghaeltacht

I 1928 shínigh Risteárd Ua Maolchatha, Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte na linne, Ionstraim Reachtúil Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928.   Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag fostaithe nua a mbeadh ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta chun dóthain Gaeilge a shealbhú ionas go bhféadfaidís seirbhís iomlán trí Ghaeilge a chur ar fáil sa teanga sin.  Mura mbeadh caighdeán sásúil bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana, bheidís le briseadh as a gcuid oibre.

Sa bhliain 1944, shínigh Sean Mac Entee, an té a raibh cúraimí na Roinne Rialtais Áitiúil agus Sláinte ansin air, ionstraim reachtúil eile – Uimhir  76/1944 – Local Officers (Irish Language) Regulations, 1944, a leathnaigh scóip na rialachán agus a chuir le líon na bpostanna sa Ghaeltacht a mbeadh dualgas teanga ag baint leo. Arís, mura mbeadh dóthain Gaeilge sealbhaithe ag na fostaithe tar éis trí bliana, bheidís le briseadh as a bpostanna.

Deir Ó Cuirreáin gur mheicníocht dhlíthiúil a bhí sa reachtaíocht seo a thug an t-údarás agus an cumhacht don Stát, chun a chinntiú gur daoine le Gaeilge a bheadh i mbun seirbhísí Stáit a sholáthar sa Ghaeltacht.

Tar éis d’Oifig an Choimisinéara Teanga an cheist seo a fhiosrú, tá sé tagtha chun solais gach uair go raibh an spriocdháta ag teannadh leo gur síníodh ionstraim reachtúil nua chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó bliain.   Léiríonn taighde Oifig Uí Chuirreáin gur eisíodh ionstraimí reachtúla a chuir an spriocdháta ar athló ar a laghad 54 uair idir 1928 agus 1966, tráth gur cuireadh deireadh ar fad leis agus gur ceapadh plean nua ina áit.

Agus é ag tagairt den chleachtas fadbhunaithe seo, dúirt ó Cuiireáin gur “soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis” agus gur “deacair brí ar bith eile a bhaint as”. 

An Ghaeilge ‘Éigeantach’

Thagair an Coimisinéir Teanga do cheist na Gaeilge éigeantaí agus do chinneadh an Aire Airgeadais Richie Ryan i 1974 chun deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge chun post a fháil sa státseirbhís. 

Cuireadh in iúl don phobal ag an am gur chéim mhór chun cinn don Ghaeilge ab ea an cinneadh sin, go gcabhródh an gníomh seo le dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideodh sé le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di. 

Tá meamraim agus cáipéisí rialtais ón am sin atá le fáil sa Chartlann Náisiúnta scrúduithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga agus is cosúil go raibh tacaíocht mhór i measc na n-ardstátseirbhíseach do mholtaí an Aire ach go raibh stocaireacht leanúnach in aghaidh riachtanas na Gaeilge ó pháirtithe ar leith.  I measc siúd a thug dúshlán do riachtanas na Gaeilge bhí ceardchumann áirithe de chuid na státseirbhíse, eagraíochtaí a bhí ag feidhmiú thar ceann mhuintir Thuaisceart Éireann, thar ceann chlanna na n-imirceach a bhí ag filleadh ar an tír seo, thar ceann daoine le míchumas nach raibh Gaeilge mar ábhar scoile acu agus an Ghluaiseacht Saoirse Teanga.

Thug Ó Cuirreáin le fios aréir, gur thagair an tAire Richie Ryan don dualgas teanga a bhí ar an Stát faoin bhunreacht ina chuid anailíse féin sa mheamram Rialtais agus dúirt gur gá freastal ar an chuid sin den phobal a roghnaigh an Ghaeilge dá ngnóthaí oifigiúla. “There has been legitimate criticism that this responsibility has not always been discharged. The position will tend to worsen if staff without Irish are recruited” a d’admhaigh sé.

Thacaigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, go láidir le polasaí an Aire Richie Ryan ach i litir a sheol sé chuig an Aire ar an 6 Bealtaine 1974 chomhairligh sé nár cheart déileáil leis an gceist mar ábhar aonair ach i gcomhthéacs beartais níos iomláine, níos leithne i leith na Gaeilge. Ba léir gur thuig sé freisin “that the abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first official language of the State and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so.”

Ceacht na Staire

Dar le Ó Cuirreáin go bhfuil ‘ceacht na staire’ le foghlaim againn ón dá phíosa taighde is déanaí óna oifig  – an dualgas teanga sa Ghaeltacht a cuireadh ar athló go soiniciúil bliain i ndiaidh bliana, ar a laghad 54 uair suas go dtí 1966 agus na leideanna atá le fáil sna comhaid Rialtais sa Chartlann Náisiúnta nach raibh gach duine dall ar na deacrachtaí a thiocfadh chun cinn nuair a chuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge don státseirbhís agus nach gá gur ‘feabhas mór’ ar chúrsaí Gaeilge a bhí mar spreagadh, dáiríre.

Ag féachaint chun cinn

Deir Ó Cuiireáin go bhfuil deis stairiúil anois ann le dul i ngleic leis mar is ceart leis na fadhbanna reatha maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge san athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.  “Ba cheart go gcinnteoidh na leasaithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll”.

Dar le Ó Cuirreáin go bhfuil ‘gníomh athchothromaithe’ ag teastáil, agus gur fiú breathnú ar idirdhealú dearfach nó a leithéid a chur i bhfeidhm i bpróisis earcaíochta an státchórais, fiú ar feadh tréimhse shealadach, chun líon leordhóthanach d’fhoireann ag a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú sa tseirbhís phoiblí.

© Foilsithe ar Gaelport.com 04 Meán Fómhair 2013




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214