An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Cúnamh don bhéal triail

Cúnamh don bhéal triail

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsa do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labhartha Gaeilge


Tá an cúrsa seo curtha le chéile de bharr éileamh ó thuismitheoirí agus beidh sé ag díriú ar gach gné den scrúdú béal. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.

Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach tráthnóna Aoine in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, ag tosú ar an 27 Meán Fómhair, ar feadh tréimhse 10 seachtain. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirfear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide.

Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.

Is féidir clárú  don chúrsa ar www.arasnangael.ie agus is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 12 Meán Fómhair 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 12 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhdháil ar Litríocht na nÓg

An Ghaeilge ag Gradaim na nDamhán Alla

Gairm ar Iarratais do Ghradaim Fulbright

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214