An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Taighde an Choimisinéara Teanga

Taighde an Choimisinéara Teanga

Tá scagadh an-spéisiúil agus an-tráthúil déanta ag an gcoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ar pholasaí an stáit maidir le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.


Tá sé seo déanta ag am a deir an Coimisinéir go bhfuilimid “ag crosbhóthar agus tréimhse fhíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.” Bhí sé ag tagairt do na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an chosúlacht go bhfoilseofar Cinn an Bhille go luath.

Lean sé  “Tá súil agam go dtabharfar aird chuí ar na moltaí agus ar na haighneachtaí a tháinig ón phobal nuair a iarraidh tuairimí beagnach dhá bhliain ó shin anois agus nach cur i gcéill a bhí sa phróiseas comhairliúchán sin.”

Is léir áfach ó thaighde an Choimisinéara gur cur i gcéill a bhí i bhformhór pholasaí an stáit go dtí seo maidir le seirbhís a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Is léir freisin an stocaireacht a bhí déanta i rith an ama seo ag státseirbhísigh shinsearacha chun lagú a dhéanamh ar sheasamh na teanga agus níl rud ar bith sa taighde a thabharfadh le fios nach bhfuil a leithead ag tarlú faoi láthair.

Is léir go mbeidh troid fhíochmhar le déanamh ag pobal na Gaeilge más mian linn ár gcearta a bhaint amach. Tá alt an Choimisinéara Teanga le léamh ar www.coimisineir.ie agus www.arasnangael.ie.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 12 Meán Fómhair 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 12 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbaol

Éiteas na Gaeilge slán faoin dréacht-Bhille oideachais

Deireadh ré don nuachtán Foinse

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214