An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bainis bhréige Ros na Rún

Bainis bhréige Ros na Rún

Tá foireann an sobal dráma Ros na Rún ag eagrú bainis bhréige ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Katie O Halloran, bean óg ó Chill Chiaráin i gConamara atá ag súil teacht ar lámha nua a chuirfeadh cor nua iomlán ina saol.


Ón am a rugadh Katie bhí siondróm femur fibula ulna uirthi, rud a d’fhág nach raibh lámha aici agus freisin cos amháin a bhí gearr agus míchumtha. In ainneoin sin tá Katie ag treabhadh léi agus Céim Mháistreachta sa dlí poiblí á dhéanamh aici in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Le tamall anuas tá Katie ag plé le saineolaithe i Meiriceá agus tá dóchas láidir ann anois gur féidir teacht ar lámha próistéiteach a bheith feiliúnach dí. Baineann costas mór leis an obair seo ar fad ar ndóigh agus le tamall anuas tá coiste tacaíochta ag obair go dian ar mhaithe le ciste a chur le chéile chun cabhrú le Katie.

Tá foireann Ros na Rún ag déanamh a chuid féin leis an mbainis bhréige atá á eagrú acu ar an 16 Samhain in Óstán an Galway Bay i mBóthar na Trá. Tá oíche mhór beartaithe acu áit a mbeidh an bhainis, dinnéar ina ndiaidh, ceol beo, dj agus síneadh ama sa bhéar chomh maith le neart spraoi eile. Is féidir ticéad, €30, a cheannach ach glaoch a chur ar Dhara ag 091 558400 agus tá córas bus, saor in aisce, á chur ar fáil ó Charna agus an Cheathrú Rua. Is féidir cabhrú le ciste Kate freisin ach síntiús a dhéanamh tríd an gcóras iDonate agus tá na sonraí ar fad le fáil ar an suíomh www.katieborntorun.org  

www.advertiser.ie
Foilsithe ar 26 Meán Fómhair 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 26 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

158 post nua don Ghaeltacht

As na Nuachtáin: Comhrá Gaeilge na seachtaine i gCeatharlach

Deireadh Seachtaine Cultúrtha i Ráth Chairn Ghlas na Mí

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214