An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

€3,000 don chomórtas BEO

€3,000 don chomórtas BEO

Beidh €3,000 mar luach saothar ag buaiteoirí BEO, an comórtas nua d’amhrán nuachumtha  atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta mar chuid de Bhliain na Gaeilge.


Tá BEO dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois agus fáilteofar roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG,  Comhaltas agus eagraíochtaí óige Gaeilge. Caithfidh an t-amhrán a bheith nuachumtha agus i nGaeilge agus caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an mbabhta ceannais den chomórtas. Beidh an babhta ceannais ar siúl le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31 Deireadh Fómhair. Beidh ar gach iarrthóir físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi chumadh an amhráin. Tá go dtí an Déardaoin 10 Deireadh Fómhair ag grúpaí chun cur isteach ar an gcomórtas.

Tá an t-eolas uilig faoin gcomórtas chomh maith lena rialacha agus foirm iarratais le fáil ar www.beoireland.com

www.advertiser.ie

Foilsithe ar 26 Meán Fómhair 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 26 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Litríochta IMRAM 2013

Lá #2 i Ráth an Uisce

As na Nuachtáin: Cuireann Acadamh Fódhla fáilte roimh scoláirí nua

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214