An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Féile na bPlúiríní Sneachta i nGairdíní Altamont

Féile na bPlúiríní Sneachta i nGairdíní Altamont

Tá an t-earrach linn go hoifigiúil agus mar chruthú ar sin tá na plúiríní sneachta le feiceáil go flúirseach i nGairdíní Altamont, Ceatharlach.


Cuirfear tús le Seachtain na bPlúiríní Sneachta ansin ar an Luan seo chugainn, 10ú Feabhra. Nach iontach an radharc é – brat bán de phlúiríní ag gobadh aníos ón gcré agus ag síneadh amach thar gháirdíní gleoite Altamont. Cuireann an pobal i gcoitinn gan trácht ar dhíograiseoirí na garraíodóireachta fíorchaoin fáilte roimh Sheachtain na bPlúiríní Sneachta in Altamont chuile bhliain….anois teacht an earraigh srl!

Leanfar le himeachtaí na seachtaine go dtí Dé Domhnaigh, 16ú Feabhra agus beidh na sluaite ag teacht chuig Altamont ó chian is ó chóngar chun an radharc draíochtúil a bhlaiseadh. Beidh turasanna treoirithe leis an bpríomhgharraíodóir gach lá ag tosnú ag 2.00 san iarnóin. Chomh maith leis an mbailiúchán de phlúiríní éagsúla beidh rogha leathan de bhleibíní luath an earraigh le feiceáil ar fud na háite. Tá cead isteach saor in aisce chuig Gairdíní Altamont, a chlúdaíonn 40 achar ar fad, am ar bith ó 9.00 ar maidin go 4.30i.n. ach gearrfar táille €2 chun dul ar an turas faoi threoir.  I gcás grúpaí móra ní foláir clárú roimhré agus turas a chur in áirithe.

Tá gach eolas ar fáil ach glaoch ar 059 9159444, 059 9130411 nó dul ar an suíomh www.carlowtourism.com.  

Mar sin tabhair aghaidh ar Altamont, bain taitneamh as na gairdíní agus na plúiríní agus fág slán go hoifigiúil le séasúr dorcha an Gheimhridh. Beidh fáilte roimh chách.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar 4 Feabhra 2014 / Foilsithe ar Gaelport.com 4 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tairbhe na Gaeilge le plé i bPort Láirge agus i gCeatharlach

As na Nuachtáin: Mamó ar Strae ar TG4!

Lá Mór na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214