An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Seachtain eile d’amhráin don Chomórtas Pan Cheilteach

Seachtain eile d’amhráin don Chomórtas Pan Cheilteach

Tá na hiarratais ag teacht isteach go tiubh ó cheann ceann na tíre agus tá áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go bhfuil seachtain eile curtha leis an spriocdháta d’iarratais don Chomórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach.


Glacfar le hiarratais ar dhlúthdhioscaí suas go dtí 8ú Feabhra ar a dhéanaí. Ní foláir na focail agus an ceol a bheith nuachumtha agus caithfidh na focail a bheith as Gaeilge. Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr le dul os comhair painéal moltóirí aitheanta ar an Satharn, 8ú Márta ins an Ostán Seven Oaks. Is féidir ticéidí @ €10 don ócáid a cheannach trí Oifig na dTicéad agus moltar suíocháin a chur in áirithe gan mhoill.

Tá duais €1,000 le buachaint ag an gcomórtas náisiúnta agus rachaidh an t-amhrán buachach ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheith ar siúl i gCathair Dhoire um Cháisc. Tá rannóg faoi leith sa chomórtas i mbliana le haghaidh iarratais ó dhaoine faoi sheacht mbliana déag d’aois agus ‘sé €200 an phríomhdhuais sa rannóg áirithe seo. Tá na rialacha agus an fhoirm iontrála ar an suíomh idirlín www.panceltic.ie.

Breis eolais ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó emma@glorcheatharlach.ie. Iarratais chuig Oifig Ghlór Cheatharlach, Sraid an Choláiste, Ceatharlach.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar 4 Feabhra 2014 / Foilsithe ar Gaelport.com 4 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: New bilingual road signs welcomed in Park Village

Tairbhe na Gaeilge le plé i bPort Láirge agus i gCeatharlach

Scoth na gceoltóirí le dul san iomaíocht i gComórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214