An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Críoch le Gaelchultúr an Earraigh

Críoch le Gaelchultúr an Earraigh

Tháinig críoch le Cúrsaí Ghaelchultúir an earraigh an tseachtain seo caite i gCeatharlach.


Mhair na cúrsaí ag bunleibhéal agus meánleibhéal ar feadh deich seachtaine le ranganna uair sa tseachtain in oifigí na Comhairle Chontae ó Mhí Eanáir go Mí Aibreáin.  Bhí suas le fiche rannpháirtithe i gcúrsa an earraigh agus bhaineadar  an-taitneamh as na ceachtanna. Chomh maith le foghlaimeoirí as Ceatharlach thaisteal roinnt rannpháirtithe ó Chill Chainnigh, Cill Mhanntáin agus Cill Dara chun na cúrsaí a dhéanamh. Clúdaíonn na cúrsaí ag bunleibhéal agus meánleibhéal gach gné de chomhrá Gaeilge laethúil an gnáthshaoil chomh maith le beagán gramadaí.

Bíonn an bhéim i gcónaí ar na foghlaimeoirí a spreagadh chun a bheith ag caint go nádúrtha as Gaeilge agus faoi dheireadh an chúrsa bhí siad an-chompórdach agus iad ag comhrá eatarthu fein.
Bronnadh teastas agus an Fáinne Gaeilge ar na foghlaimeoirí, rud a chuir an-áthas orthu ag deireadh an chúrsa ag ócáid cheiliúrtha in oifigí na Comhairle Chontae.

Tá deiseanna anois ann do na foghlaimeoirí cleachtadh rialta a dhéanamh ar an teanga ag na ciorcail chomhrá éagsúla a eagraíonn Glór Cheatharlach. Bíonn ciorcal gach Céadaoin ag 10.30r.n. i Leabharlann Cheatharlach agus ar an gcéad Déardaoin de gach mí ag 9.00i.n. i dteach tábhairne Reddys. Bíonn ciorcal chomh maith ar an Déardaoin deireannach de gach mí ag 9.00i.n. sa Teach Bar.

Tosnóidh sraith nua de chúrsaí Ghaelchultúir do dhaoine fásta i gCeatharlach le ranganna an Samhraidh i Mí Bealtaine agus rachaidh siad ar aghaidh go lár Mhí Iúil. Cúrsa deich seachtaine a bheidh i gceist arís agus beidh trí leibhéal á thairiscint ag braith ar éileamh. Is féidir clárú ar www.gaelchultur.com nó gach eolas a fháil ó oifig Ghlór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 059 9158105.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar 15 Aibreán 2014 / Foilsithe ar Gaelport.com 15 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cúrsa Gaeilge agus Siúlóidí Oidhreachta i gCiarraí

Deireadh Seachtaine Gaeltachta in Esopus

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214