An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Aisteoirí an Lóchrainn Cheatharlach ag dul go Cúil Aodha

Aisteoirí an Lóchrainn Cheatharlach ag dul go Cúil Aodha

Reachtáilfear Féile Náisiúnta Drámaíochta 2014 i gCúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí thar dheireadh seachtaine Mhí Bealtaine  agus i measc na ndrámaí a bheidh ar chlár na féile beidh ‘Maggie Mhór’ le John B Keane á léiriú ag Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach.


Déantar comhgháirdeachas ó chroí leis an gcomplacht áitiúil as a bheith ainmnithe don fhéile náisiúnta tar éis dóibh an dráma  a léiriú faoi dhó cheana ós comhair moltóirí  Beartla Ó Flatharta agus Séamús Ó Súilleabháin. Bronnadh gradam speisialta ar Mhóna Ní Liatháin as an léiriú iontach a thug sí sa phríomhpháirt mar Mhaggie Mhór í féin. Is bean casta í Maggie Phoilpín a bhfuil a croí cruaite ag an saol agus go speisialta ag a fear céile atá díreach taréis bás a fháil nuair a bhuailimid le Maggie sa reilg ag tús an dráma. Is baintreach anois í agus is léi agus léi amháin an fheirm agus an siopa.

Tá sí meáite ar smacht a fháil ar a saol féin agus ar shaol níos fearr a chruthú dá clann taréis bás a céile ach ní éiríonn léi agus casann sí gach duine díobh ina coinne agus ruaigeann sí ón mbaile iad duine ar dhuine.

Tá ardchaighdeán bainte amach ag Aisteoirí an Lóchrainn ó athbunaíodh an compántas ceithre bliana ó shin.

Arís i mbliana agus don tríú bhliain as a chéile is é Con Ó Cróinín an léiritheoir agus tá dáréag sa chompántas. Guíonn Glór Cheatharlach gach beannacht ar Aisteoirí an Lóchrainn agus iad in iomaíocht leis na cumainn drámaíochta eile atá ainmnithe don Fhéile Dránmaíochta Náisiúnta ar 2ú – 4ú Bhealtaine.

Go n-éirí go geal le Maggie Mhór agus a clann!
 

www.carlow-nationalist.ie

 
Foilsithe ar 15 Aibreán 2014 / Foilsithe ar Gaelport.com 15 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Chois Cuain 2014

Cúrsa Gaeilge agus Siúlóidí Oidhreachta i gCiarraí

As Na Nuachtáin: Student anger at teacher training changes

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214