An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Duais eile buaite ag 'Aifric'

Duais eile buaite ag 'Aifric'

Thug clár a choimisiúnaigh TG4  mórdhuais leis ag Féile na Meán Ceilteach 2008 atá ar bun i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo.
Bronnadh an Torc don Chlár Páistí ar eagrán ón dara séasúr  den sraithdhráma Aifric.

Gafa le Mata is teideal don eagrán ón tsraith a fuair an duais Cheilteach, eagrán ina bhfuil Aifric bhocht faoi léigear ag deacrachtaí Matamataice


Thug clár a choimisiúnaigh TG4  mórdhuais leis ag Féile na Meán Ceilteach 2008 atá ar bun i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo.
Bronnadh an Torc don Chlár Páistí ar eagrán ón dara séasúr  den sraithdhráma Aifric.

Gafa le Mata is teideal don eagrán ón tsraith a fuair an duais Cheilteach, eagrán ina bhfuil Aifric bhocht faoi léigear ag deacrachtaí Matamataice agus grá. Is é Aifric an chéad shraithdhráma teilifíse
do dhéagóirí a léiríodh riamh in Éirinn agus tugann sé léiriú greannmhar báúil ar shaol an déagóra sa  lá atá inniu ann. Ís í Aifric (Clíodhna Ní Chíosáin aisteoir óg as Leamhcán) an príomhcharachtar.

Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a scríobh, Micheál Ó Domhnaill, John Brady agus Lucia Gavin a léirigh agus Paul Mercier a stiúraigh. 
Fuair an togra maoiniú ó TG4, ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus ón bhfaoiseamh cánach
atá ar fáil ó fhorálacha maoinithe Alt 481.

Is é an comhlacht aitheanta Telegael atá lonnaithe sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe a léirigh, comhlacht a bhfuil ard-cháil air agus dhá  ghradam Emmy faighte aige.

Eagraítear  Féile na Meán Ceilteach in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha gach bliain agus seo an chéad uair aici i nGaillimh.
Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4,  Micheál Ó Meallaigh  “Tá éacht cruthaithe ag lucht déanta na sraithe seo, ” a dúirt sé,
“ní amháin as togra chomh mór, chomh mealltach agus chomh tábhachtach a chur ar an scáileán, ach as an cumas a léirigh
siad ag aimsiú foinsí breise maoinithe ón gCoimisiún Craolacháin agus ó fhorálacha Alt 481.  

Gan an t-airgad breise seo ní bheadh ar chumas TG4  an dá shraith d’Aifric a choimisiúnú.”




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214