An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Iarratas ar aighneachtaí.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Iarratas ar aighneachtaí.

Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag ullmhú an dara Scéim trí bliana de réir Ailt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.


Beidh fáilte roimh ráitis ó pháirtithe leasmhara i leith ullmhú na dréachtscéime.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach go dtí catriona.osullivan@ucc.ie nó tríd an bpost go dtí:

Catriona O’Sullivan,
Oifig Ghnóthaí Corparáideacha & Dlíthiúla,
Coláiste na hOllscoile Corcaigh,
Bóthar an Iarthair,
Corcaigh.

An spriocdháta atá ann do na haighneachtaí (Gaeilge nó Béarla) a bheith istigh ná 7 Meán Fómhair 2009.

Tá a thuilleadh faisnéise ar an Acht le fáil ar www.pobail.ie, an suíomh idirlín atá ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com  

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil sa nuacht is déanaí ar gaelport.com: http://www.gaelport.com/nuacht agus http://www.gaelport.com/reachtaiocht    




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214