An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2009

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2009

Is iad  Niall Ó hUiginn agus Stiofán Ó hAinifidh ó Óstaí an Rí a thug craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2009  leo sna Ceithre Chúirt Dé hAoine seo caite ( 6 Samhain ).  Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an dlí a eagraíonn Gael Linn go bliantúil in onóir  Iar-Uachtaran agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh.  Achomharc in aghaidh breith cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.


Reáchtáladh réamhbhabhtaí In Óstaí an Rí maidin Dé hAoine ina raibh foirne páirteach- an líon is mó ó thosaigh an chomórtas - ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; O.É., Gaillimh;   Óstaí an Rí agus  Cumann Dlí na hÉireann   Bhí ard-chaighdeán ag na foirne ar fad agus is léir go dtuigeann na hábhair abhcóidí  tábhacht na Gaeilge san earnáil dlí sa lá atá inniu ann!                                          

Bhí an chraobh ar siúl sna Ceithre Chúirt an tráthnóna céanna os comhair  An tOnórach Roderick Murphy, Breitheamh den Ardchúirt agus chuidigh na habhcóidí Daithí Mac Cárthaigh  agus  Séamus Ó Tuathail A.S. leis an mholtóireacht.   Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn,  buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí agus seic ar €300 ar fhoireann Chumann Dlí na hÉireann  ( Áine Bhreathnach agus Ruth Ní Fhionnáin ) a tháinig sa dara háit agus dúirt  ‘Molaim do phobal na Gaeilge leas a bhaint as a gceart an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt, ceart atá daingnithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá áthas ar Gael Linn an deis a thabhairt d’ábhar abhcóidí cás a phléadáil as Gaeilge sa Bhréagchúirt’

 

Buaiteoirí ‘Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn 2009’, Niall Ó hUiginn agus Stiofán Ó hAinifidh,  Óstaí an Rí

Foireann Chumann Dlí na hÉireann, Áine Bhreathnach agus Ruth Ní Fhionnáin, in éineacht le Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214