An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2010

Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2010

Is iad  Maria Nic Annraoi  agus Rónán Ó Condúin ó Óstaí an Rí a thug craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2010   leo sna Ceithre Chúirt Dé hAoine seo caite.


Arna eagrú ag Gael Linn le trí bliana déag anuas in onóir  Iar-Uachtaran agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, is comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an dlí.  Achomharc in aghaidh breith cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.  Bhí líon mhór iontrálacha ann arís i mbliana, agus ghlac foireann ó  Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, páirt don chéad uair.

Reáchtáladh réamhbhabhtaí de ard-chaighdeán in Óstaí an Rí  maidin Dé hAoine agus bhí an chraobh ar siúl sna Ceithre Chúirt an tráthnóna céanna.  Is í An tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den Ardchúirt a bhí mar phríomhbhreitheamh agus chuidigh na habhcóidí Luán Ó Braonáin A.S. agus Daithí Mac Cárthaigh A.S. leis an mholtóireacht.  

Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn,  buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí agus seic ar €300 ar fhoireann eile ó Óstaí an Rí  (Cathal Ó Curraín agus Kate Ní Chonfhaola) a tháinig sa dara háit agus dúirt: ‘Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí  ar Bréagchúirt Uí  Dhálaigh. Toisc an stádas atá ag an nGaeilge sa bhaile agus san Aontas Eorpach, tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann ná riamh i gcomhair dlíodóirí  a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge’.  

An tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den Ardchúirt ag tréaslú a mbua ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2010 le Rónán Ó Condúin agus Maria Nic Annraoi  ó Óstaí an Rí

Cathal Ó Curraín, An Spidéal agus Kate Ní Chonfhaola, Indreabhán a tháinig sa dara háit ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2010 in éineacht leis an tOnórach Mary Laffoy, Breitheamh den ArdChúirt  agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn.




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214