An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Cré na Cille ar DVD

Cré na Cille ar DVD

Tá sé tráthúil go bhfuil an scannán lán-fhada Gaeilge Cré na Cille, leagan d’úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain, ar fáil le ceannach ar DVD anois. 


Tá an DVD ar fáil le fotheidil i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinis, Gearmanaís agus Sínis, agus insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

Stiúrtha ag Robert Quinn agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin is teilifíse, is scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é Cré na Cille. Ar na haisteoirí atá le feiceáil sa scannán seo tá Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fatharta, Máire Uí Droighneáin agus Máiréad Uí Chuaig.

Is mar gheall ar shaothar máistriúil próis Cré na Cille, a scríobhadh i 1949, is mó atá cáil ar Mháirtín Ó Cadhain, ach bhí aithne freisin air mar léachtóir, scoláire, poblachtach, gníomhaí pobail, agus mar fhear aighnis.

Seo scéal faoi fhuath as cuímse a thosaíonn mar iomaíocht éadmhar idir bheirt deirfiúracha agus a bhfuil briseadh croí mar thoradh air nuair a fhaigheann Neil an lámh in uachtar ar a deirfiúr, Caitríona, tríd an bhfear a raibh sí i ngrá leis a sciobadh uaithi. Níor mhaith Caitríona é sin riamh dá deirfiúr, agus ní mhaithfeadh fad a mhairfeadh sí ná, go deimhin, ina dhiaidh sin.

Is ansin a osclaítear an scannán, le bás an phríomh charachtair, Caitríona Pháidín, agus a turas go dtí an taobh eile. Dúisíonn Caitríona i measc na marbh sa reilig áitiúil. Tar éis di díomá an tsaoil a fhulaingt tá sí ag fanacht go díocasach le scéala báis a deirféara, Neil, ionas gur féidir léi tús a chur leis an gcath in athuair.

Tá an DVD ar fáil le ceannach ar CIC.ie agus ar Litriocht.com.

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2010
 




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214