An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Córas earcaíochta dearfach ag teastáil sa státchóras- An Coimsinéir Teanga

Córas earcaíochta dearfach ag teastáil sa státchóras- An Coimsinéir Teanga

“Teip iomlán” a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an mbeart a rinneadh 40 bliain ó shin deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann do státseirbhísigh inniúlacht a bheith acu sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Bhí sé ag labhairt ag an seimineár poiblí a d’eagraigh An Chomhdháil ar an 3 Feabhra.
 


Nuair a rinne an tIar-Aire Airgeadais, Richie Ryan TD, socrú sa bhliain 1974 nach mbeadh eolas ar an nGaeilge ina riachtanas feasta do státseirbhísigh, mhínigh sé do Dháil Éireann go raibh an Rialtas “lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di….”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, cé gur féidir gur le dea-mhéin a mhaígh an t Aire Ó Riain an méid sin, gurb é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis. Ó shin i leith, brúdh an teanga an oiread sin go leataobh gur cuma ann nó as di i bhfeidhmiú an-chuid Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit.
           
Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.”

Cé nár mhaígh an tUasal Ó Cuirreáin gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí, mhol sé gur gá teacht ar chomhréiteach éigin mura raibh an Béarla le bheith ina riachtanas don phobal ina ngnóthaí ar fad leis an Stát.

“Déanann an Stát infheistíocht mhór i múineadh na Gaeilge agus cuireann sé de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar na teangacha oifigiúla, ar aon dul leis an gcleachtas i dtíortha eile. Ach, os a choinne sin, teipeann ar an Stát úsáid na Gaeilge a éascú dóibh siúd atá tar éis í a shealbhú. Tá lúb ar lár suntasach sa chur chuige seo,” a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin go raibh súil aige go bhfeicfí bunleasuithe tábhachtacha de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Rialtas le tacaíocht traspháirtí.
           
Mhaígh sé go raibh gá le cur chuige nua-aimseartha, comhtháite, céimnithe a d’athródh ó bhonn an tslí ina múintear an Ghaeilge ionas go mbainfeadh mic léinn uile na tíre líofacht bhunúsach amach inti ón gcóras oideachais. Sa bhreis air sin, ba ghá córais a chinntiú le gurbh fhurasta do na daoine a bhain amach an líofacht teanga sin, í a úsáid go saoráideach ina gcuid gnóthaí le heagraíochtaí stáit.
 
“Is fís réalaíoch, spreagúil í seo”, a dúirt sé, “agus, i ndeireadh báire, is í an t-aon slí í le luach ar airgead a fháil ar an infheistíocht shuntasach a dhéantar i múineadh agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus lena hinmharthanacht a chinntiú i bhfad na haimsire i saol an náisiúin.”

 

Foilsithe ar Gaelport.com 8 Feabhra 2011




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214