An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Trátaí na Spáinne agus íosphá an oibrí a shaothraíonn

Trátaí na Spáinne agus íosphá an oibrí a shaothraíonn

BEOCHEIST: TÁ LÍOMHAINTÍ déanta ag nuachtán na Breataine go bhfuil mí-úsáid á himirt ar na mílte oibrí inimirceach láimh le Costa del Sol na Spáinne.


Anuraidh measadh go raibh suas le 90,000 de na hoibrithe seo ag obair i dtionscal na dtorthaí is na gairneoireachta i gceantar Almeria. Tolláin phlaisteacha an t-ionad oibre a bhí acu agus an teocht suas go dtí 45 céim ar scála Celsius. Is fiú EUR2 billiún in aghaidh na bliana an tionscal seo d’eacnamaíocht na Spáinne. Seans go bhfuil eolas maith ar cheantar Almeria ag na Gaeil a chaitheann an geimhreadh ó dheas ach n’fheadar an mó duine a thuigeann an fhulaingt atá ar leac an dorais acu. Laistigh de mhíle ó óstáin na dturasóirí tá seilbh ag na tolláin phlaisteacha ar bhreis is 400 ciliméadar cearnach de mhachaire an chósta.

Is sa cheantar seo a tháirgtear na torthaí a chinntíonn go mbíonn sailéad úr briosc ag muintir na Ríochta Aontaithe ó cheann ceann na bliana. Bainimid féin úsáid as na torthaí céanna - trátaí, piobar, cúcamar, cúirséad agus ológa ó cheantar Jaén in aice láimhe. Ó thús an chéid seo tá oibrithe ó Mharacó, ón tSeineagáil agus ó Ghaimbia ag plódú isteach sa Spáinn - turais chostasacha, aistir dhainséaracha. Bádh na céadta. Tháinig tuilleadh oibrithe ó oirthear na hEorpa. Inimircigh neamhdhleathacha iad go léir. Coimeádtar iad in ionaid choinneála agus tar éis míosa scaoiltear amach iad le hobair a lorg. Ní thugtar cabhair Stáit ar bith dóibh. Bhí oibrithe ag teastáil go géar ó na feirmeoirí gur leo na tolláin ach níorbh obair é seo a raibh tóir ná dúil ag ógánaigh dhúchasacha na Spáinne uirthi nó inti. Sclábhaíocht dob ea an obair seo ach ní raibh an dara rogha ag na hinimircigh. Bhí a muintir sa bhaile ag brath orthu.

Ba leasc le cuid eile filleadh ar an mbaile, bhí náire orthu a admháil gur theip orthu agus gur spailpíní iad gan chóiríocht gan chosaint gan chearta dá laghad. Faoi láthair, tá an saol chomh holc sin ag na hoibrithe go bhfuilid ag brath ar mhná rialta agus ar Chumann na Croise Deirge a dháileann bia is soláthairtí eile orthu. Tagann na comhlachtaí móra bia agus lucht na n-ollmhargaí go dtí an Spáinn chun na torthaí a cheannach ar ceant. Cuireann na comhlachtaí brú ar fheirmeoirí praghasanna a ísliú. Tá costas an bhreosla is an leasacháin ag ardú in aghaidh an lae agus níl de smacht ag na feirmeoirí féin ar an bpróiseas táirgthe ach an cead is an cumas atá acu brú a chur ar na hoibrithe atá ag bun an dréimire.

Deir na feirmeoirí nach bhfuil de rogha acu ach an ráta pá a ísliú. Maítear gur ag dream amháin atá an bua, an dream ar a dtugtar “agri-business”, na caipilithe, agus an daonnacht atá thíos leis. Nuachtán an Guardian a tháinig ar an scéal seo ar dtús. Dúirt an tuairisceoir, Felicity Lawrence, go raibh oibrithe ón Afraic fho-Shahárach ag maireachtáil i mbotháin agus i sciobóil shuaracha a tógadh ó phailléid - fir oibre plódaithe isteach le chéile, gan díon, dhá scór duine i stábla amháin gan séarachas, gan uisce le hól. Go minic bíonn pá na n-oibrithe níos lú ná leath den íosphá atá leagtha síos de réir dlí. Má dheineann oibrí neamhdhleathach gearán faoi choinníollacha oibre, d’fhéadfaí fios a chur ar na póilíní, d’fhéadfaí duine a dhíbirt abhaile. Seans maith leis go ndéanfadh na póilíní aon oibrí a théann ar strae ó cheantar na dtollán isteach go ceantar na dturasóirí a chiapadh is a chrá.

Agus i gcónaí maslaí an chiníochais á gcaitheamh leis na hoibrithe ón iasacht. Bíonn teannas idir iad agus an pobal dúchasach. An fómhar seo caite cuireadh dúnmharú feirmeora i leith na n-inimirceach i mbaile San Isidro, líomhaint gan bhunús. Fanann daoine ina dtost. Ní theastaíonn ón ngnáthphobal ná ó na húdaráis aird a tharraingt ar an bhfadhb shóisialta seo. Creidtear go mbogann údaráis na Spáinne na hoibrithe ó áit go háit ar fud na tíre go dtí na ceantair is mó gá agus go dtí na ceantair ina bhfuil sé de nós leath den íosphá a íoc. An ábhar ionaidh é má chuirtear claonpháirtíocht nó “collusion” i leith an rialtais? N’fheadar an bhfuil cruacheisteanna le freagairt ag na hollmhargaí a dheineann trátaí is torthaí eile a iomportáil ón Spáinn go dtí an tír seo?

The Irish Times - Seán Ó Riain
1 Márta 2011

www.irishtimes.com




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214