An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Síneacha Tráchta leictreonacha i mBéarla san Ardchathair

Síneacha Tráchta leictreonacha i mBéarla san Ardchathair

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun seirbhís eolais nua de shíneacha tráchta leictreonacha á chur ar fáil ar bhonn píolótach ag stadanna bus áirithe mórthimpeall na cathrach faoi láthair.


D’fhorbair an Chomhairle Cathrach an tseirbhís nua seo thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair.  Cuirtear eolas ar chláracha ama na mbusanna, in éineacht le heolas ar chathain a bheidh an chéad bhus eile ann, ar fáil ar na síneacha nua seo. Is i mBéarla amháin an t-eolas ar na síneacha faoi láthair, ach is féidir leis an bpobal aiseolas maidir leis an tseirbhís seo a sholáthar go díreach ag an nasc seo leanas: http://www.transportforireland.ie/send-feedback

 
Gan amhras, beidh na síneacha leictreonach áisiúil do phaisinéirí a bhaineann leas as seirbhísí Bhus Átha Cliath.  Níl soláthar déanta i bhfeidhmiú na seirbhíse seo, áfach, do riachtanas lucht labartha na Gaeilge faoi mar ba chóir.

Ba dheas an rud é dá gcuirfeadh lucht labhartha na Gaeilge aiseolas soiléir ar fáil gur ceart agus gur gá an tseirbhís nua seo a chur ar fáil go dátheangach. Is cinnte go mbeadh tionchar an-dearfach ag éileamh ón bpobal ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go gcuirfí eolas sa dá theanga náisiúnta in airde ar na síneacha leictreonacha nua seo. Moltar, dá réir, do chuile duine cúpla nóiméad a ghlacadh leis an gceistneoir aiseolais ag an nasc thuas a chomhlánú.

Eolas ar an gcúlra
Ní hé seo an chéad uair gur ardaíodh an cheist faoi úsáid na Gaeilge ar shíneacha tráchta leictreonacha.

Leirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga i 2009 nár sháraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dualgas reachtúil teanga i gcás comharthaíocht leictreonach nua i mBéarla amháin a crochadh le tosaíocht d’iompar poiblí ag Faiche an Choláiste i lár chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt.

Sa chás áirithe sin, léirigh imscrúdú an Choimisinéara teanga go raibh sé ‘speisiúil go raibh cinneadh déanta ag Roinn Rialtais amháin (an Roinn Iompair) cúngú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht áirithe tráchta ag an am céanna is a bhí Roinn Rialtais eile (an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ag tabhairt feidhm do Rialacháin nua (faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla) maidir le leathnú a dhéanamh ar úsáid na teanga ar chomharthaíocht ghinearalata comhlachtaí poiblí.’

Tuairiscíodh chomh maith gur tugadh le tuiscint sa chomhfhreagras ón gComhairle Cathrach chuig an Coimisinéir Teanga, go raibh an cur chuige aonteangach roghnaithe ag an gComhairle Cathrach ar bhonn sláinte agus sábháilteachta.  ‘Sé sin le rá go bhféadfadh comharthaíocht dátheangach a bheith in aghaidh an leasa poiblí, sa chaoi is go bhféadfadh comharthaíocht dátheangach mearbhall a chur ar an bpobal. 

Is léir go mbaineann an contúirt ar mhearbhall sin le muintir na hÉireann amháin os rud é go bhfuil comharthaíocht leictreonach dátheangach in úsáid go forleathan sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada cheana.

©Gaelport.com 04 Márta 2011




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214