An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Acht Teanga ó Thuaidh le plé i Westminster amárach

Acht Teanga ó Thuaidh le plé i Westminster amárach

Tabharfaidh toscaireacht ó na heagrais Ghaeilge cuairt ar Pharlaimint Westminster amárach 23 Márta. Is é an scátheagras Pobal atá ag eagrú na cuairte agus táthar ag súil go ndéanfar dul chun cinn le linn an turais maidir le hAcht Teanga a reachtú do Thuaisceart Éireann.


Tá an chéim seo á glacadh ag Pobal mar is beag dul chun cinn a baineadh amach sa Tionól ar an gceist seo le tamall anuas dar le Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal.

Deir sí nár comhlíonadh “oiread is ceann amháin do na gealltanais Chill Rimhinn i dtaca leis an Ghaeilge de.  Ach, ní thugann sin leithscéal de rialtas na Breataine – a mhalairt atá fíor. Tá rialtas na Breataine faoi cheangal dlí i dtaca leis a chuid dualgas i gconartha éagsúla, Comhaontú Chill Rimhinn san áireamh, agus sin an fáth go bhfuil muid ag cur an dúshlán seo roimh Westminster.”

I gcuideachta leis na hionadaithe ó POBAL, beidh toscairí eile ann ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, ó Ghael-Linn, ó Chonradh na Gaeilge, ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael.

Is í seo an dara cuairt ar Westminster do Phobal ar an gceist áirithe seo agus táthar ag súil go gcuirfear na feisirí sa pharlaimint ar an eolas mar gheall ar na constaicí a bhí ann go dtí seo. Cheana féin tá rún luath lae sa pharliamint cláraithe faoi urraíocht an Fheisire Margaret Ritchie ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre. Éilíonn an rún go n-achtófar reachtaíocht taobh istigh do spriocam aontaithe.

Beidh an toscaireacht ag buaileadh le feisirí  ó na páirtithe polaitiúla ina measc Plaid Cymru, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, Páirtí an Lucht Oibre, Na Daonlaithe Liobarálacha, agus Páirtí náisiúnta na hAlban.

Chomh maith leis sin beidh an toscaireacht ag tapú na deise cruinnithe a reáchtáil le hionadaithe ó choistí agus fochoistí ina mbíonn gnóthaí an Tuaiscirt á bplé iontu chomh maith leis an gcomhchoiste um cearta daonna.

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála go raibh sé thar am go dtabharfaí aird ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann. “Táimid ag súil go dtabharfar aird ar an gceist mar gheall go bhfuil an Tionól ó Thuaidh ag tarraingt na gcosa ar an gceist sin”, a deir sé. “Beimid ag súil go dtabharfar cluais éisteachta dúinn agus go ndéanfar dul chun cinn ar an gceist seo go luath.”

Anuraidh mhol Coiste na nAirí de chuid Chomhairle na hEorpa gur cheart do na húdaráis i dTuaisceart Éireann polasaí láidir don Ghaeilge a chur ar bun agus go n-achtófaí reachtaíocht chun na teanga a chosaint agus a chur chun cinn sa Tuaisceart.

Glacadh leis an moladh sin tar éis gur fhoilsigh coiste saineolaithe tuarascáil inar cáineadh na faillí a bhí a dhéanamh ar chearta teanga ó Thuaidh maidir le cur i bhfeidhm Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh sa Ríocht Aontaithe.

©Gaelport.com 22 Márta 2011




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214