Tá scéim teanga úr seolta go hoifigiúil anois ag Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
Tá an scéim nua i bhfeidhm ón 18 Deireadh Fómhair 2010. Leagann an scéim amach go córasach na céimeanna a bhfuil an Institiúid chun glacadh chun seirbhís dátheangach a chur ar fáil do spriocphobail na hInstitiúide. Dúirt Oifigeach Gaeilge nua-cheaptha na hInstitiúide, Muircheartach Ó Seaghdha go raibh sé tábhachtach “eileamh a chothú do sheirbhísí Gaeilge i gcónaí le go mbeidh siad ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís atá ar fáil i mBéarla”. Is féidir cóip do scéim teanga na hInstitiúide a léamh ar www.gaelport.com.
Foinse - Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
23 Márta 2011