An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Dara scéim ESB

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Dara scéim ESB

Tá sé i gceist ag an ESB an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.  Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.


Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag ESB anois ó aon pháirtithe leasmhara.  Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach).  Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin www.esb.ie, a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@esb.ie.

  
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig;

An tOifigeach Forbartha Gaeilge,
Seomra AG31 Ard Oifig ESB,
27 Sráid Mhic Liam Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
 
Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an Acht a fháil ar shuíomh gréasáin An Coimisnéir Teanga ag www.coimisineir.ie nó le ríomhphost ó eolas@coimisineir.ie  

Tá eolas maidir leis an ról/na seirbhísí arna sholáthar don phobal ag ESB ar fáil ar www.esb.ie.

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00i.n. dé hAoine, 6ú Bealtaine 2011.

 

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

 
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:  
http://www.gaelport.com/abhchoideacht    
http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214