An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Féile Joe Éinniú

Féile Joe Éinniú

Reáchtálfar Féile Chomórtha Joe Éinniú, féile atá ag ceiliúradh cúig bhliana fichead i mbliana, i gCarna ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29 Aibreán go Domhnach 1 Bealtaine.


Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29 Aibreán ag 7.30pm.

I measc príomhimeachtaí na Féile i mbliana tá: Seoladh an leabhar Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man leis an Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; Seoladh An Chearc Fhraoigh, leabhar de chumadóireacht ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach agus seoladh dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóra Danny O’Mahony as Ciarraí.

Ar ndóigh ní bheidh aon ghanntanas siamsaíochta agus bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh scoth na haíonna ar stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30i.n. Tá ticéid, €20, le fáil ó Óstán Chuan Charna 095 32255 agus tá tuilleadh eolais faoin bhFéile le fáil ó Micheál Ó Cuaig 095 33599, michealocuaig@hotmail.com nó Áine Ní Chuaig 086 3778055.

Galway Advertiser
21 Aibreán 2011

www.advertiser.ie/galway

Galway Advertiser

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214