An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Stáisiún Raidió na Bliana do R na G

Stáisiún Raidió na Bliana do R na G

Tá an gradam do stáisiún raidió na bliana buaite ag Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach.


Fógraíodh an buaiteoir ag an bhféile ar Oileán Leodhais in Albain.

Ceithre stáisiún a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta don duais – BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales, BBC Radio nan Gàidheal agus Raidió na Gaeltachta, a thug leo an gradam.  Ba í Ceannaire an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin, a ghlac leis an ngradam, agus dúirt sí gur chúis mhór bróid don stáisiún an duais seo, agus an t-aitheantas ar dhea-obair na foirne seacht lá na seachtaine.

Thug an stáisiún dhá ghradam abhaile leo ón bhFéile, mar ba é Rónán Mac Aodha Bhuí a bhain Gradam Phearsa Raidió na Bliana chomh maith.

Galway Advertiser
21 Aibreán 2011

www.advertiser.ie/galway



Galway Advertiser

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214