An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

SAOL ar an idirlíon

SAOL ar an idirlíon

Ón mhí seo ar aghaidh, beidh an nuachtán míosúil SAOL ar fáil ar líne. Foilsíodh an leagan deireanach clóite den nuachtán an mhí seo caite.


Dar le Colm Ó Torna, Eagarthóir SAOL, beidh níos mó idirghníomhaíochta sa leagan idirlíon agus páirt níos mó ag léitheoirí sa nuachtán. “Táimid ag dúil le heolas cuimsitheach a sholáthar faoi gach a mbaineann le saol na Gaeilge ar an talamh, leithéidí ranganna, cúrsaí, ciorcail comhrá, grúpaí cuideachta agus cainte, imeachtaí éagsúla, idir chultúrtha agus shóisialta na Gaeilge, in Éirinn agus i gcéin”, a deir sé.

Dúirt Colm freisin “in ainneoin go bhfuil Saol ag  teacht i dtír ar an teicneolaíocht agus ar na meáin úra,  beidh na gnéithe  ba mhó a chuir léitheoirí suim iontu: leathanach na bhfoghlaimeoirí, an crosfhocal agus na hagallaimh ar fáil ar líne chomh maith.

Tá  SAOL ar fáil ar saol.gaeilge.ie

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

02 Meitheamh 2011

www.advertiser.ie

 



Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214