An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

‘Níl go leor spásanna sna Gaelscoileanna’

‘Níl go leor spásanna sna Gaelscoileanna’

Ní raibh 1,200 páiste in ann áit a fháil i ngaelscoil anuraidh de bharr easpa spáis san earnáil, de réir figiúirí ó Gaelscoileanna Teo.


Bailíonn an eagraíocht staitisticí ó scoileanna lán-Ghaeilge faoi líon na bpáistí ar liostaí feithimh, agus tá na figiúirí do 2009/2010 eisithe acu anois. Ní raibh 890 páiste in ann dul chuig bunscoil lán-Ghaeilge sa Phoblacht agus ní raibh áit i nGaelscoil dara leibhéal do 340 scoláire eile. Bhí 367 dalta ar líostaí feithimh bunscoile i mBaile Átha Cliath, 262 sa chuid eile de Chúige Laighean, 113 sa Mhumhain, 100 i gConnachta agus 38 i nDún na nGall, i Muineachán agus sa Chabhán. Tá leath de na daltaí dara leibhéal nach bhfuair áit i meánscoil lonnaithe i gCúige Mumhan. Níl figiúirí do 2010/2011 eisithe ag Gaelscoileanna Teo go fóill. Tá ganntanas spáis i nGaelscoileanna ina fhadhb le fada an lá, agus bíonn díomá ar thuismitheoirí timpeall na tíre gach uile bhliain nuair nach féidir leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí.

Cláraíonn roinnt tuismitheoirí a bpáistí le gaelscoileanna chomh luath agus a thagann siad ar an saol de bharr an éilimh ar spásanna. “Níl go leor spásanna sna gaelscoileanna,” arsa Seán Mac Cárthaigh, Príomhoide Ghaelscoil Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. “Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht. Bíonn thart ar 30 dalta ar líosta feithimh na scoile gach bliain, agus bíonn an-díomá ar na tuismitheoirí nuair a deir muid leo nach bhfuil áit ann dá gcuid páistí.” “Ba cheart níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a oscailt nó na cinn atá ann faoi láthair a dhéanamh níos mó, sa chás go bhfuil spás do sheomraí breise acu.” Dúirt an tAire Oideachais Ruairí Quinn an tseachtain seo caite nach féidir le 20% de na scoileanna ar fad sa Phoblacht freastal ar an éileamh d’áiteanna. Níl na páistí a bhí cláraithe do ghaelscoileanna nua a rabhthas ag iarraidh iad a oscailt ó 2008 i leith san áireamh sna figiúirí ó Gaelscoileanna Teo. Tá spéis léirithe ag tuismitheoirí i 14 ceantar ar leith i mbunscoil lán-Ghaeilge a bhunú le blianta beaga anuas. Cuireadh stop leis an obair a bhí ar siúl ag roinnt de na coistí bunaithe, ina measc coistí i Dún Léire, Contae Lú, i gCromghlinn, Baile Átha Cliath agus i Ros Mhic Thriúin, Loch Garman, de bharr polasaithe nua na Roinne Oideachais.

De réir rialacha reatha na Roinne, ní féidir scoil nua a oscailt mura bhfuil sé lonnaithe i gceantar ina bhfuil an daonra ag fás. Níl aon chinnteacht go mbeidh tuismitheoirí in ann gaelscoil a oscailt fiú sna ceantair sin féin áfach. Tá an tAire Oideachais i mbun comhráití leis na heaglaisí agus le forais eile agus é mar aidhm aige córas nua pátrúnachta a aontú roimh dheireadh na bliana. Chuir an Coimisiún um Chóiríocht Scoile tuairisc faoi bhráid an Aire i mí Feabhra a bhí báúil don Ghaeilge. Dúradh ann gur cheart go mbeadh áit ag an ngaelscolaíocht sa chóras nua “trí fhorbairtí campais le scoileanna eile, nó, nuair is cuí, ar a suíomhanna féin.” Deir an Coimisiún chomh maith gur cheart go mbeadh an rogha ag scoileanna a dteanga teagaisc a athrú ó Bhéarla go Gaeilge “chomh fada agus a aontaíonn na páirtithe leasmhara go léir leis an athrú agus nach gciallaíonn sé go bhfuil easpa cóiríochta sa cheantar.”

Gaelscéal - Colm Ó Broin
24 Meitheamh 2011

www.gaelsceal.ie



Gaelscéal - Colm Ó Broin

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214