An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Oireachtas Cheanada 2011

Oireachtas Cheanada 2011

Cuirfear tús le hOireachtas Cheanada ar an Aoine seo.  Is iad Cumann na Gaeltachta atá lonnaithe i nGaeltacht Thuaisceart An Oileáin Úir i gCeanada a bheidh ag reáchtáil na hócáide Gaelaí seo.  Is ceiliúradh ar oidhreacht na Gaeilge agus ar chultúr na hÉireann a bheidh i gceist i rith na dtrí lá ón 1-3 Iúil 2011. 


Le linn an cheiliúrtha beifear ag baint úsáide as dhá ionad. Is é Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, i dTamworth / Erinsville, an príomhionad agus is é an Days Inn in Kingston an dara hionad. 
Más is gnách le hOireachtas ar bith beidh neart imeachtaí gaelacha ar siúl ag an deireadh seachtaine.  I measc na n-imeachtaí beidh comórtas scéalaíochta, lúibíní, agallaimh beirte, dreas cainte, aithris filíochta, amhránaíocht ar an sean-nós mar aon le rince aonair sean-nóis agus damhsa seit. 

Beidh comórtais uirlisí ceoil éagsúla á reáchtáil freisin - ina measc beidh comórtais ar an gcláirseach, na píopaí uilleann agus buíon Cheoil Chéilí mar aon le neart seisiún ceoil agus siamsaíochta. 

Beidh dráma  An Oireachtais “La Buí Bealtaine” le Máiréad Ní Ghráda á léiriú ag aisteoirí den scoth in Kingston tráthnóna Aoine tar éis buifé  agus píosa cainte ó Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge in Éirinn.
Ar an Satharn leanfar le comórtais, seoladh dlúthdhiosca,  díol ceardaíochta, ceardlanna agus neart eile.

Bí cinnte go mbeidh “blaiseadh an Oireachtais” le fáil agus Gaeilgeoirí aitheanta ag déanamh moltóireachta ar na comórtais rince agus amhránaíochta sean-nóis éagsúla. I láthair beidh an damhsóir aitheanta Labhras Sonaí Choilm Learraí as Leitir Meallain, an píobaire agus fliúiteadóir cumasach agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada Meataí Joe Shéamais Ó Flátharta as Cois Fharraige, mar aon le hiarbhuaiteoir eile de chuid Chorn Uí Riada na hamhránaithe Celia Ní Fhlátharta agus Máirín Uí Chéide a bhfuil cónaí orthu sna stáit Aontaithe anois.

Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.oireachtas.ca.

Foilsithe ar Gaelport.com 28 Meitheamh 2011
 



Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214