An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Suíomh nua Foinse www.foinse.ie beo ar líne anois

Suíomh nua Foinse www.foinse.ie beo ar líne anois

Go dtí seo, ní raibh aon suíomh idirlín ag Foinse, ach tá an-ríméad orainn a fhógairt go bhfuil suíomh nua idirlín Foinse, www.foinse.ie , beo ar líne anois.


Tá an leagan clóite de  Foinse, Príomhnuachtán Náisiúnta na Gaeilge, á chur amach saor in aisce leis an Irish Independent gach Céadaoin le breis agus bliain go leith anois. Tá neart gnéithe éagsúla sa nuachtán, a dhéanann iarracht freastal ar gach duine ar fud na hÉireann. Dar le JNRS, tá lucht léitheoireachta de 195,000 duine ag Foinse i bPoblacht na hÉireann. Ní hamháin go mbeidh daoine ar fud na hÉireann ábalta dul ar an suíomh seo anois ach beidh daoine ar fud an domhain ar fad ábalta dul air freisin.
Is nuachtán seachtainiúil é Foinse ar ndóigh ach leis an suíomh seo, beidh Foinse ábalta nuacht a chur ar fáil ar bhonn laethúil, leis na príomhscéalta ar fad, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.  

Is iontach an deis é seo mar is cinnte go bhfuil a lán Éireannach ina gcónaí in áiteanna éagsúla ar fud an domhain a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an suíomh seo.  Tá sé seo fíor, go háirithe faoi láthair leis an gcuma atá ar chúrsaí eacnamaíochta sa tír mar tá an oiread sin daoine tar éis Éirinn a fhágáil, le cur fúthu thar lear.  Caithfear cuimhneamh freisin go bhfuil foghlaimeoirí Gaeilge amuigh ansin ar fud an domhain, a d’fhéadfadh an-tairbhe a bhaint as an suíomh seo freisin. Tríd is tríd, is cuma an Gaeilgeoir líofa nó foghlaimeoir thú, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar www.foinse.ie mar is cinnte go bhfuil rud éigin air do gach duine.  Tá sé i gceist an suíomh a sheoladh thar lear i gCeanada go luath freisin, le linn féile Oireachtais a bheas ar bun ansin ón 1-3 Iúil. Is é seo an chéad uair riamh a bheidh féile Oireachtais á reáchtáil i gCeanada.  Beidh an fhéile ar bun sa Ghaeltacht i gCeanada, Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, i gceantar Tamworth in Ontario agus tá réimse leathan d’imeachtaí eagraithe, bunaithe ar na cinn a bhíonn in Éirinn. 

Foinse - Úna Ní Eidhin
29 Meitheamh 2011

www.foinse.ie



Foinse - Úna Ní Eidhin

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214