An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Turas go hÁrainn

Turas go hÁrainn

Beidh deis ag pobal na Cathrach radharc a fháil san oíche anocht ar shraith scannáin bunaithe ar na hoileáin Árainn atá ar taispeáint mar chuid de chamchuairt atá á eagrú ag Institiúid Scannán na hÉireann.


Beidh siad le feiceáil in Amharclann na Cathrach agus is féidir ticéid a chur in áirithe ag 091-569777 nó ar www.tht.ie . Mar chuid den chamchuairt beidh na scannáin le feiceáil  in Inis Oírr, ar Dé hAoine 1 Iúil agus in Inis Mór ar an tSathairn 2 Iúil. I measc na scannáin a bheidh le feiceáil tá Árainn na Naomh, scannán a rinne Cumann Scannán Caitliceach Londan ar Inis Mór agus Inis Oírr i 1932 agus is cosúil gurbh é seo an chéad uair é a bheith á thaispeáint in Éirinn. Feictear muintir na n-oileán agus iad i mbun a saol laethúil: freastal scoil, Aifreann, iascaireacht, feirmeoireacht, fíodóireacht agus ag imirt tig sna páirceanna saibhre glasa. Tá ceol nua, coimisiúnaithe ag ISÉ faoi Scéim Chamchuairt na Comhairle Ealaíne, curtha leis an gclár faisnéise tostach seo. 

Mar chuid den chlár freisin, beidh An tOileánach a d’fhill (1970), cur síos ficseanúil leis an léiritheoir Jim Mulkerns faoin méid a tharla d’oibrí Éireannach a fhilleann ar Árainn tar éis a bheith ag obair ar shuíomh tógála i Londain.   Cliar oileánach lena n-áirítear Mícheál Ó Conghaile, Máire de Búrca, Máire Ní Dhioráin agus Diarmuid Ó Goill,  atá i gceist leis an tseoid phictiúrlainne seo ó chartlann Scannán na hÉireann ISÉ, scannán nach bhfacthas mórán ó seoladh ar dtús é agus atá á chur i láthair anois mar leagan athchóirithe digiteach. Beidh rogha de nuachtscannáin agus cláir fhaisnéise gearra a rinneadh faoi na hoileáin á dtaispeáint freisin, ina measc Sracfhéachaint ar Chroí na hÉireann (1929) agus Radharc: Inis Oírr (1970).

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
30 Meitheamh 2011

www.advertiser.ie
  



Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214