An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Seimineár an Tionóil Gaeltachta

Seimineár an Tionóil Gaeltachta

Déanfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a oscailt san oíche anocht, Déardaoin 30 Meitheamh, ar an gCeathrú Rua agus tá súil le slua mór daoine ó gach cearn den tír a bheith i láthair don deireadh seachtaine.


Ceann d’imeachtaí an Tionóil a chuirfear spéis faoi leith inti nó an tseimineáir a eagrófar san oíche amárach, faoina téama Buanú Údarás na Gaeltachta. Is iad Pádraic Ó hAoláin, Peadar Mac an Iomaire agus Caitlín Neachtain na cáinteoirí a bheidh ar an ardán agus is é Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donncha Ó hAodha, a bheidh sa chathaoir. Baineann an t-ábhar seo le pobal na Gaeltachta ar ndóigh chomh maith le cuairteoirí an Tionóil agus is cinnte go mbeidh plé bríomhar ag an seimineár, go háirithe i gcomhthéacs na héiginnteachta a bhí ann le tamall anuas faoi thodhchaí an Údaráis agus cúramaí fiontraíochta na heagraíochta. Cé go bhfuil sé deimhnithe ag an Rialtas go mbeidh cúramaí fiontraíochta ag an Údarás ní fiú mórán na cúramaí seo mura bhfuil buiséad ag dul leo. Níl amhras ach gurb é seo ceann de na gnéithe a bheidh faoi chaibidil san oíche amárach. Cuirfear tús leis an tseimineáir ag 8.00i.n. in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus tá sé oscailte don phobal. I measc imeachtaí eile an Tionóil tá oíche dhrámaíochta ar oíche Shathairn in Óstán na Ceathrún Rua, ag tosú ag 8.30i.n., áit a léireofar drámaí leis an gcompántas áitiúil, Aisteoirí Mhic Easmuinn, agus Aisteoirí Bulfin ó Bhaile Átha Cliath.

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
30 Meitheamh 2011

www.advertiser.ie



Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214