An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tá tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag tráth a bhfuil súil le hathbhreithniú ar an reachtaíocht sin mar chuid de chlár an Rialtais. Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin a tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm go hiomlán.


Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh súil aige de thoradh an athbhreithnithe go mbeadh Acht ann a bheadh oiriúnach dá fheidhm agus a d’fhreastalódh go cuí ar mhianta an phobail teanga agus a chinnteodh go raibh brí á tabhairt don fhoráil bhunreachtúil gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í. 

Bhí sé ag labhairt ar ócáid seolta na tuarascála tráchtaireachta sa Spidéal, Co. na Gaillimhe inniu (05 Iúil 2011).

Ar na leasuithe a mholtar, comhairlítear gur cheart rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí ina gcatagóirí éagsúla (A, B, C, etc.) de réir an réimse feidhme agus an chaidrimh atá acu leis an bpobal i gcoitinne – pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh – agus go mbeadh an leibhéal seirbhíse a bheadh le soláthar acu trí Ghaeilge i gcomhréir leis an rangú sin de thuras na huaire.

Moltar freisin go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.

Iarrtar freisin go ndíreofaí athuair ar chóras na scéimeanna teanga faoin Acht a chur á fheidhmiú mar is ceart ar bhonn straitéiseach agus comhsheasmhach nó, mar mhalairt air sin, go bhforbrófaí córas nua caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar atá beartaithe don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. Maidir le foilseacháin oifigiúla a sholáthar trí Ghaeilge, molann Oifig an Choimisinéara Teanga go dtabharfaí tosaíocht do na foilseacháin sin is mó a bhfuil éileamh ag an bpobal orthu, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. 

Éilítear freisin gur cheart dul i ngleic leis an easpa foirne sa chóras poiblí le cumas in dhá theanga oifigiúla an Stáit, trí chórais nua earcaíochta agus oiliúna nuair a dhéanfar maolú amach anseo ar an lánchosc ar earcaíocht. Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh seo ar an bhfadhb is bunúsaí dá bhfuil ann maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge.

Moltar sa tuarascáil freisin go gcuirfí ar bhonn reachtúil ceart na ndaoine a n-ainm, sloinneadh agus seoladh a úsáid ina rogha teanga oifigiúil agus iad i mbun gnóthaí le comhlachtaí poiblí. 

“Níor cheart go dtiocfadh aon chaiteachas breise de bharr na leasuithe seo agus, mura féidir leo airgead a shábháil, ba chóir go mbeadh siad neodrach ar a laghad ó thaobh aon chostais bhreise de” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga freisin go raibh dhá thuarascáil speisialta leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais aige le roinnt laethanta anuas a thug cuntas ar chásanna ina raibh sárú déanta ag comhlachtaí poiblí ar dhualgais reachtúla teanga ach ina raibh teipthe orthu moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú. Ní dhearna na heagraíochtaí a bhí i gceist – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – achomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinne an chinnidh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh siad ag sárú forálacha reachtúla ach fós féin, níor chuir siad a chuid moltaí i bhfeidhm. “Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin.

 

Foilsithe ar Gaelport.com 05 Iúil 2011




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214