An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bagairt idir báid na mBlascaod réitithe

Bagairt idir báid na mBlascaod réitithe

Tá trí bhád farantóireachta ag tarrac ar an mBlascaod Mór faoi láthair ó Ché Dhún Chaoin agus tá an t-achrann a bhí ag bagairt idir dhá bád acu réitithe.


An fhadhb is mó anois ná an drochaimsir agus a laghad laethanta gur féidir le haon bhád taisteal isteach go dtí an Blascaod Mór.

Dúirt Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid, Mícheál de Mórdha, go raibh cúrsaí farantóireachta scriosta go dtí seo ag an drochaimsir. Ach bhí dea-scéala ag Mícheál, is é sin go raibh beartais á réiteach ag BOP (OPW) le tithe an Bhlascaoid a chóiriú mar a bhí, rud a chinnteodh nach mbeadh na tithe atá ann ina bhfothraí fuara. Tá saineolaithe le dul i mbun oibre ar conas is fearr an caomhnú seo a dhéanamh, arsa Mícheál.

Bhí dea-scéala eile ag Mícheál go bhfuil socrú déanta ag Ionad an Bhlascaoid agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tacaíocht ó Fáilte Ireland, coirmeacha ceoil a reáchtáil ag tosnú ar an Domhnach 3ú Lúnasa in Ionad an Bhlascaoid agus i láthair na hOidhreachta ar an mBuailtín ar an 10ú lá, gach re Domhnach go deireadh na míosa. Iarracht é seo le turasóirí a choimeád níos sia sa cheantar. Is í Áine Ní Chatháin ó Dhún Chaoin a bheidh i mbun eagrú an cheoil.

22 Iúil 2011

www.gaelsceal.ie



Gaelscéal - Breandán Mac Gearailt

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214