An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Béim síos ar na Gréagaigh

Béim síos ar na Gréagaigh

BEOCHEIST: TÁ MÉ ag foghlaim Gréigise arís. Bean Varvara Statheropoulou, múinteoir Nua-Ghréigise, atá ag múineadh na teanga dom.


Ba é an tAthair Peadar Mac Séumais, sean-Íosánach searbhasach ardéirimiúil, a mhúin Sean-Ghréigis dom i gcoláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath 40 bliain ó shin. D’fhoghlaim mé an teanga go díograiseach, briathra neamhrialta san áireamh. Ag an am sin ní raibh an dara rogha ag duine.

Ach is buntáiste mór é sin agus mé ag foghlaim na nua-theanga, agus tá áthas orm go bhfuil na briathra úd sáite i mo chloigeann go fóill.
Ní miste a rá go bhfuil an Nua-Ghréigis ina fothrach. Is í an teanga chéanna í leis an teanga chlasaiceach – cailleadh tuiseal anseo is ansiúd, nó deireadh focail, nó aimsir, ach tá an tseanteanga ina beatha fós díreach mar atá teampaill agus amharclanna na Sean-Ghréige ina seasamh go fóill, cé nár chaith an stair go róchneasta leo, faraor.
Ní chreidfeá go raibh an leanúnachas sin ann sa Ghréigis gan an nua-theanga a fhoghlaim. Is léir gur teangacha éagsúla iad an Laidin agus an Iodáilis, cuir i gcás, cé go bhfuil an Iodáilis síolraithe ón Laidin.

Ach is aon teanga amháin iad an tSean-Ghréigis agus an Nua-Ghréigis. Gréigis atá ann i gcónaí, cuma Hóiméar nó Kazantzakis á léamh agat. Tá na briathra neamhrialta úd beo beathach go fóill.

Tá curtha le stór na bhfocal idir an dá linn, ar ndóigh. Ní hamháin go bhfuil focail ann ar rudaí nua-aimseartha (mar autokíneto ar ghluaisteán) ach go bhfuil glactha le focail ó theangacha eile, go mórmhór an Tuircis, i rith na staire.

Go minic, is é an focal iasachta an gnáthainm, agus ní fhaightear an seanainm ach sa teanga scríofa: louloúdi in ionad ánthos (bláth) agus krasí in ionad oínos (fíon). Is minic mé ag rá liom féin agus mé ag foghlaim: begod, ní raibh an ceann sin ag an Athair Peadar.

Nach tábhachtach í an Ghréigis don Eoraip? Agus nach tábhachtach í do na Gréagaigh féin? Bhí meas ar an Ghréigis mar theanga na sibhialtachta ó aimsir na Rómhánach i leith.

Cé go ndearnadh dearmad ar an Ghréigis san Iarthar i rith na Meán-Aoise, fuair sí aiseag beatha in aimsir Athbheochan an Léinn, agus thosnaigh na hÍosánaigh agus múinteoirí eile ag cur oideachas “clasaiceach” ar fáil, bunaithe ar an Laidin agus an Ghréigis araon.

Fiú agus teicnic agus eolaíocht ag teacht chun cinn san Iarthar, cloíodh leis an Ghréigis, toisc an meas mór sin a bheith ag Eorpaigh ar chultúr na Sean-Ghréige.
Dá bharr sin, bhí na hEorpaigh sásta cabhrú leis na Gréagaigh agus a saoirse á bhaint amach acu ó na Turcaigh beagnach 200 bliain ó shin. Don gcuid is mó ní fhaca siad fírinne na Nua-Ghréige, ach idéal na Sean-Ghréige.

Agus bhí na Nua-Ghréagaigh sásta gan iad a chur ar an eolas. Lig siad orthu go raibh gach rud mar ba chóir, de réir an “mhiotais” oifigiúil.
Is amhlaidh go bhfuil an scéal mar sin ó shin i leith, nó bhí go dtí bliain ó shin, nuair a fuair lucht na Bruiséile amach nach raibh i mbainistíocht airgeadais na Gréige ach caimiléireacht agus cur i gcéill. Tá béim síos ar na Gréagaigh anois, mar atá orainn féin.

Is deacair gan Éirinn agus an Ghréig a chur i gcomparáid lena chéile. Tá cuid áirithe i bpáirt againn, cinnte, agus an dá thír “tarrtháilte” ag an mBruiséil anois. Mhothaigh mé sin agus mé ag freastal ar oíche díospóireachta i measc na nGréagach thar lear in ollscoil Zürich le déanaí.

Tá a lán daoine sa Ghréig féinfhostaithe, mar a dúradh linn. Tá geilleagar “dubh” an-mhór ann, daoine ag obair gan cáin a íoc. Bhí na Gréagaigh faoi smacht ag na Turcaigh ar feadh na gcéadta, díreach mar a bhíomar féin faoi smacht ag na Sasanaigh.

Mar sin ní raibh muinín ag na daoine as an stát riamh. Ní raibh siad sásta ach le cliantachas agus cairdeas fabhair na bpáirtithe móra nuair a bhí siad i gcumhacht.
Fuair na Gréagaigh cuid mhaith airgid ón Aontas Eorpach ar feadh na mblianta ach níor ghabh siad le hinfheistíocht, ach le tomhailt amháin.

Tá deacracht mhór leis na heachtrannaigh, mar a dúirt an t-iriseoir Elena Panagiotidis linn. Bhí daoine ag teacht isteach ag obair ó thíortha eile le 20 bliain anuas, ach anois tá na mílte teifeach ag teacht isteach go mídhleathach, triall acu ar Iarthar na hEorpa, agus níl ar chumas na nGréagach déileáil leo. Tá cuid mhaith seineafóibe ag teacht chun cinn sa tír.

Dúirt cainteoir eile, an t-eacnamaí Spyridon Arvanitis: “Tá am de dhíth ar an Ghréig chun bheith in ann athrú.”
Is breá liom na Gréagaigh ach níl a fhios agam an dtabharfar an t-am sin dóibh.

26 Iúil 2011

www.irishtimes.com

Irish Times - Torlach Mac Con Midhe

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214