An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Non, je ne regrette rien: Baile Átha Cliath ag ullmhú d'Fhéile IMRAM

Non, je ne regrette rien: Baile Átha Cliath ag ullmhú d'Fhéile IMRAM

Ón mblagadóireacht go ceol an Bheilgigh Jacque Brel, níl teorainn le líon na n-ábhar a bheidh á bplé le linn na féile litríochta IMRAM i mbliana. Cuirfear tús leis an bhféile san ardchathair ar 14 Deireadh Fómhair agus reáchtálfar ócáidí liteartha idir beag agus mór in áiteanna éagsúla fud fad na cathrach idir sin agus 22 Deireadh Fómhair.


Is í litríocht na Gaeilge a bhíonn a ceiliúradh le linn na féile bliantúla agus tá curtha go mór leis an gclár thar na blianta ó bunaíodh IMRAM ocht mbliana ó shin.

“ Ní raibh a mhacasamhail ar siúl i lár na cathrach roimhe sin agus is dócha go raibh mé ag ag obair le Lilliput Press agus Wolfhound Press ag an am agus bhí taithí agamsa ar ócáidí liteartha a eagrú,” a deir Liam Carson, Stiúrthóir na féile.

Ní raibh mórán airgid ag IMRAM sa chéad bhliain ach le cúnamh na Comhairle Ealaíon agus scéim na bhféilte beaga, cuireadh bonn láidir faoin bhféile. Ó shin i leith tá an fhéile ag dul ó neart go neart, dar le Liam. 

Ócáidí spreagúla, idirghníomhacha a bhíonn ar siúl agus go minic baintear leas as fuaim, fís agus as an nua-theicneolaíocht sna léiriúcháin agus sna taispeántais. Tá cúrsaí forbartha go mór ón tráth ar bhain féilte litríochta le léamhanna agus léachtaí amháin.

”Bímid ag iarraidh triail a bhaint as rudaí nua, gan staid agus déanaimid iarracht go mbeadh meascán idir ceol, prós agus filíocht ar fáil ar an gclár”, a deir sé.

Luann sé an taispeántas dar teideal, Cló Draíochta a bheidh ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath ar 17 Deireadh Fómhair mar shampla. 

“ Tá na mic léinn san institiúid tar éis tabhairt faoi ghearrscéalta agus dánta le mórscríbhneoirí na Gaeilge a chur i láthair, saothar le Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac Lochlainn ina measc,  i mbealach nua-aimseartha ag baint úsáide as cló-aghaidheanna nua  agus an cló gaelach. Léireofar an t-ábhar sin ar scáileáin mhóra agus taispeántas fíor-spéisiúil a bheidh le feiceáil i Sráid Aungier an oíche sin” a deir sé.

Tugann sé suntas don suiteáil fís,  filíochta agus fuaime a bheidh ar siúl in City Arts, Batcheolor’s Walk ón 17- 21 Deireadh Fómhair chomh maith.
Taispeántas úrnua  is ea Cosán : The Poetry of Stones atá léirithe ag Ceaití Ní Bheildiúin. Tá sí ag cur na filíochta i láthair i mbealach nua-aimseartha le tamall anuas agus sa taispeántas beidh sí  ag baint úsáide as  clocha agus as an teicneolaíocht nua-aimseartha agus íomhánna le go léireofar an chumhacht a bhaineann le cosáin traidisiúnta agus an béaloideas a bhaineann leo.

Bíonn coiste na féile an-sásta saothair nua a choimisiúnú, rud a chuireann go mór leis an fhéile í féin agus le litríocht na Gaeilge dar le Liam.

Bhí an-rath ag baint le Tionscadal na hAislinge níos túisce i mbliana  le linn Féile Scríbhneoirí Átha Cliath nuair a cuireadh roinnt filí ag cumadh aislingí nua agus i mbliana is é ceann de na tionscnaimh is tábhachtaí ná Tionscadal  Piaf Brel a bheidh ar siúl san Alliance Francaise ar Shráid Chill Dara ar 19 Deireadh Fómhair.

Beidh amhráin Edith Piaf agus Jacque Brel aistrithe go Gaeilge ag Liam Ó Muirthile agus beidh Hilary Bowe agus Doiminic Mac Giolla Bhríde ag casadh na n-amhrán sin ar an oíche. Chomh maith leis sin léifidh Liam Ó Muirthile leaganacha Gaeilge de dhánta Jacques Prévert agus beidh ceol ar an oíche agus cuirfear na liricí i láthair ar scáileáin.

Agus gan amhras cuirfear tús spleodrach leis an fhéile ar 14 Deireadh Fómhair ag 7.30in. Dar le Liam,  “ Tá sé de nós againn an fhéile a oscailt le móroíche cheiliúrtha. Roimhe seo bhí oíche ómóis don Snodach againn agus oíche ómóis do Mháire Mhac an tSaoi. I mbliana beidh oíche ómóis againn don Mhoinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, duine mór le rá a bhfuil go leor bainte amach aige i saol na Gaeilge”.

Beidh Nuala Ní Dhomhnaill, Bríd Ní Mhóráin, Danny Sheehy agus Ceaití Ní Bheildiúin ag léamh dánta agus beidh ceol ann ón gCór Breatnaise The Welsh Male Choir as Baile Átha Cliath chomh maith le Seosaimhín Ní Bheaglaíoch, Steve Cooney agus Eoin Duignan ar an oíche san Eaglais Unitéireach.

Tá clár na féile IMRAM ar fáil le léamh anseo

©Foilsithe ar Gaelport.com 04 Deireadh Fómhair 2011




le Niamh Ní Shúilleabháin, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214