An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Oidí agus oiliúint

Oidí agus oiliúint

CROBHINGNE: CEANN DE chlichés móra na linne é go bhfuil léamh agus litearthacht mhac léinn na tíre dulta siar go mór.


Seans go bhfuil ach is beag fianaise atá againn go bhfuil léamh, litearthacht ná loighic na ndaoine a deir a leithéid aon phioc níos fearr.

Maíonn an tAire Oideachais, Scileanna, Traenála, Eolaíochta, Feabhais, Ceirde, Foghlama, Oiliúna agus eile (ag brath ar cad é an t-idéal is déanaí atá ag na daoine a scrios an tír) go gcaithfear feabhas thar cuimse a chur ar litearthacht ár gcuid páistí. Tá slí nua aige leis sin a dhéanamh, is é sin, nó eadhón, gearradh siar a dhéanamh ar bhuiséad leabharlainne scoileanna. Muran litearthacht go léamh, is cinnte nach léamh go leabharlann.

De réir na diospansáide nua seo foghlaimeofar scileanna léitheoireachta, agus sealbhóidh na daltaí na scileanna seo chucu féin, agus clasóidh siad chun a n-uchta iad, ach níl aon deimhne ann go léifidh siad giob nó pioc nó a dhath ar bith, mar ní chuirfear tada le Dia os a gcomhair le léamh.

Bhuel, tá seans ann go gcuirfear polasaí polaitíochta os a gcomhair, nó cuntas bainc, nó tuarascáil rialtais, nó rialacha an bhóthair, nó conas císte a dhéanamh, nó toradh bhinse fiosrúcháin, nó treoracha ríomhaireachta, nó conas bréagán a chur le chéile maidin Nollag, ach ar chúis éigin nach dtuigim go hiomlán, ní chuireann siad sin aon aibhléis ar fiuchadh in intinn pháiste.

Ar chúis eile nach dtuigim go hiomlán is rudaí amaideacha páistiúla gan dealramh ar nós síscéalta agus saoiscéalta agus suíscéalta agus soscéalta agus sóscéalta agus súscéalta (níos déanaí) agus finscéalta agus finnscéalta agus fionnscéalta agus fíonscéalta agus feallscéalta agus fónscéalta (ar ball) a chuireann daoine óga a fhulaingíonn teagasc litearthachta suim iontu.

Is í an t-aon tslí amháin atá ann le feabhas a chur ar litearthacht ná n-óg, ná iad a chur ag léamh. Is é a chuirfidh ag léamh iad ná rud éigin a bhfuil gearradh agus beocht ann.

Bhí tráth ann nuair ba dhaoine oilte eolgaiseacha léannta tuisceanacha iad na múinteoirí. Bhí oideachas orthu nach raibh ar an dara duine ar phort ná ar phortach, ar shráid ná ar shliabh. Bhí drochbhlas ar feadh na mblianta acu ar an dtuiscint go raibh “traenáil” á fáil acu. “Traenáil” ba ea focal a cheanglaítí le rásaí con, nó le gadhar a ghabhfadh caoire. Traenáiltear muca le dul isteach sa chró, tugtar “oiliúint” do mhadra atá le dul san iomaíocht in Crufts, ach cuirtear “oideachas” ar dhaoine.

Tá claonadh láidir ag lucht oideachais a bheith in aghaidh an oideachais. Tá rud éigin san intinn a ghabhann le hoideachas atá gaolmhar le meon an airm nó an ríomhaire. Tá ionchur agus aschur ann, agus tá líne dhíreach ó cheann amháin díobh go dtí an ceann eile. Is dealraitheach gur léigh an iomad díobh an iomarca mar gheall ar mhadra Phavlova, ar cheil an crústa crua taobh amuigh an bhoige dho-áirithe ar an dtaobh istigh.

An t-oideachas sin nach raibh ag an dara duine, is gearr go bhfuair an tríú duine smut éigin ceathrú láimhe de. Má fuair Marx agus Íosa agus Freud féin bás, is cinnte go bhfuil léas nua beatha á thabhairt do Skinner agus Pavlova agus Carnap i láthair seo na huaire nuair atá an tsamhlaíocht agus an léann á gcur ar bior rósta agus ar chrann crochta agus ar raca gan chríoch maidir le hoideachas múinteoirí de.

Tá na hábhair léinn á gcur i leataoibh feasta sna coláistí oideachais.

As seo suas, ní bheidh ar ábhair mhúinteoirí aon eolas a bheith acu ar litríocht na hÉireann (Gaeilge ná Béarla), ná stair ná tíreolas ná matamaitic ná ceol ná teanga Eorpach ar leibhéal níos airde ná leibhéal an teastais shóisearaigh.

Beidh leithscéalta beaga d’uiscealaigh chúrsaí ann, gan amhras, ar son bhláthanna san fhuinneoig agus ar son nach féidir a chur i leith na n-údarás nach cábóga ar fad iad.
In áit Shakespeare agus Céitinn agus Heaney agus Racine agus Rabeleis agus Stair an Domhain agus Ceolta na Cruinne beidh boscaí uibhe agus cartáin iógairt. Chuathas ó thraenáil go hoiliúint go hoideachas laistigh de 30 éigin bliain; chuathas ó oideachas go hoiliúint go traenáil ar ais laistigh de 30 éigin nóiméad.

Is í gairm na múinteoireachta is mó a bheidh thíos leis. Nuair a ghéill na múinteoirí go bhféadfaí iad a oiliúint “ar líne”, thug siad le fios gur teicnicínicíneoirí seachas ealaíontóirí iad.

13 Deireadh Fómhair 2011

www.irishtimes.com



Irish Times - Alan Titley

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214