An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

An tOrdú Logainmneacha (Contae Chorcaí seachas na ceantair Ghaeltachta)

An tOrdú Logainmneacha (Contae Chorcaí seachas na ceantair Ghaeltachta)

Faoi fhorálacha Chuid 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Chorcaí (seachas na ceantair Ghaeltachta) a dhearbhú.


Sula dtugann sé a chomhairle, is mian leis an gCoimisiún moltaí a fháil ón bpobal maidir leis an ordú atá molta, na leaganacha Gaeilge san áireamh. Chun deis a thabhairt an dréacht-ordú a scrúdú, tá dréacht den ordú atá beartaithe á sheoladh ag an gCoimisiún. Is féidir teacht ar an dréacht ar láithreán gréasáin Bhunachar Logainmneacha na hÉireann ag an seoladh seo a leanas: http://www.logainm.ie/pdf/11.10.06_BRAINSE.pdf.  

Tá na leaganacha Gaeilge sa dréacht bunaithe ar obair an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Scrúdóidh an Coimisiún na moltaí go léir i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha sula dtugann sé an chomhairle don Aire.

Ba cheart moltaí a sheoladh i bhfoirm aighneachtaí chuig An Rúnaí, An Coimisiún Logainmneacha, 43-49, Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath, 4, roimh 10 Eanáir 2012.

©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Deireadh Fómhair 2011




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214